Thursday, August 25, 2016

Aithriú Mór

Hé a chairde! Is fada ón uair déireadh go raibh mé anseo nó a raibh mé ag úsáid Gaeilge go rialta. Scéal fada, drámata, ach coitianta. Uafasach, ach uafasach coitianta freisin.
Phléasc mo theaglach; níl mé 's m'fear chéile le chéile níos mó. Tar éis cúpla droch-bliana i ndiadh deich mbliana deacair ag caitheamh go dona linn, tá sé críochnaithe. Anois tá mé i mo mháthair amháin. Fuair mé mo chéad post ón 1997... Ba bean an tí mé le dhá bhliain déag. I measc an praiseach mór sin, ní raibh mórán Gaeilge le chloisteáil asam nó sa teach ar bith. Tá eagla orm go bhfuil sé ro-déarnach á fháil ar ais, go mór mór go bhfuil mé as baile go minic, 's na páistí ag fanacht le daoine eile, Béarlóirí iad uilig ar ndóigh.
Chaill mé féin cuid mór. Rinne mé iarracht nuachtán Gaeilge a léamh, 's in fhirinne, ní raibh mé in ann á thuiscint.. Náirithe.
Mar sin, tá mé ag cromadh go híseal a scríobh mo "cúpla focal" lag a chleachtadh 's dúshlán a thabhairt orm féin.
Bhog mé le mo cháilíní go áit nua. Tá saol nua ar fad againn, ach tá muid sasta a bheith le chéile le suimhneas.
Buíochas le Dia...