Agus an aimsir chomh maith le déanaí, téimid amach ag siúl an cuid is mó den lá. B'fhéidir go dúirt mé cheana féin é seo: gabh mo leithscéal má dúirt. Mar atá sé slantiúil, spraoiúil, maith duinn. Bliana ó shin, ba é an leasainm Lupin Lane ar mo bhotharsa. Má gheobhaidh mé pictiúir maith de, cuirfidh mé suas anseo é.
Thosaigh mo cheolchoirmeacha agus is breá liom iad! Tá sé go hiontach a bheith ag seinm arís le daoine! Smaoinigh! Ach tá rud níos do-chreidte ( an bhfuil cead agam é sin a rá? Tá amhras orm go bhfuil...) ann: tá mé ag dul ar turas! Rachaidh mé go Halifax an deireadh seachtaine seo chugainn, agus tá an-sceitimíní orm faoi. Gabhfaidh mé na cailíní liom, agus beidh cruinniú ann le mo dluthchara ann agus a iníon. Ní dhearna mé turas mar seo le bliana anois- cuig bliana a bheith sainiúil. Beidh sé go maith a bheith amuigh sa domhain, rudaí 's daoine diffriúil a fheiceáil.
Tá Anna fós ag rá rudaí ar nós:
Mise: "An ndearna tú é?"
Anna: "Is dhearna."
Agus cé go freagraím leis an gramadach ceart í, coinneann sí ag labhairt micheart. B'fhéidir go aithreoidh sí agus í ag fás níos sine? Tá suil agam go aithreoidh! Ceaptar gur múinteóir uafasach mé! (cén chaoi go deirtear, it would be thought?)
No comments:
Post a Comment