Gabh leithscéal as an grianghraf cáilíocht bocht.
Tá mé brodúil asaibh, ní dhearna mé dealbhóireacht ariamh roimhe, mar sin de, ní raibh mé cinnte gurbh fhéidir liom iad a dhéanamh, ach cheap mé, is fir an sneachta iad, cé chomh deacair atá sé sin, liathróid mór bána ag caitheamh hata? Agus má tá siad uafasach, níl Niamh ach óg fós, agus níor cuma liom nuair atá steig meig 's smidiríní déanta díobh.
Na paistí díobhálach sin, mar sin féin, chuir siad amach fuinneog doirse an tí inniu ag caitheamh cloch, agus an chéad lá i ndiadh lá breithe Niamh, chaill Sibelín a ceann agus a cluas deis agus chaill Bouli a ghéag clé. Bhí fhios agam go mbeadh siad briste faoi dhéireadh, ach chomh luath seo? Ar aon nós, dheisigh muid iad le cuid gliú, beidh siad ceart go leor go luath.
Caithfidh mé níos mó a dhéanamh, mar tá siad ag troid futhu. Cén Bouli eile anois? Bouli Báid, Bouli Punk, Bouli Daide, Bouli Ní 's Bouli Ná? Céard a cheapann túsa?
4 comments:
Tá bua agat!
Rinneadh Bouli sa Bheilg ar dtús, sílim, agus is féidir go bhfuil bréagáin ar fáil. Ach nílim cinnte!
Ceartúchán: ón Fhrainc is ea é!
Is iontach é an teach - rinne d'fhear céile an-jab leis amach is amach, agus bainfidh na cailíní an-sult as gan amhras. Ní chreidim go ndearna tú na babógaí sin - is bean iléirimiúl thú - maith thú.
Tá an teachín go hálainn agus na bréagáin ar fheabhas! Maith sibh!
Post a Comment