Thursday, June 2, 2011

Béarla le Blas Gaelach

Did dhaoibh, a chairde,

Aithním gur deacair liom a chur in iúl as Gaeilge. Agus na cailíní ag fás, tá siad ag iarraidh abhar níos deacraí a phlé, agus in fhírinne, níl mé á dhéanamh go ro-mhaith an Ghaeilge a chothabháil - ná hiadsan ach oiread. Bhí mé ag léamh tríd an scríobhnóireacht anseo ó cupla bliana ó shin, agus níor chreid mé cuid de. Níor cuimhin liom cuid mór de, go mór mór go raibh Anna ag úsáid Gaeilge chomh minic 's maith an uair sin. Níl sí anois, ar chor ar bith. Is cailín as a ré féin í, den aoisghrúpa féin, gan mórán suim i rud gan brí di ag an am seo. Táim muiníneach, mar sin féin, nuair atá sí níos sine, tiocfaidh sí ar ais di. Ach fós, ba bhreá liom a bheith ar ais chun áit nuair a bhí mé ag cloisint Gaeilge sa teach liom, as béal diffriúil ná mo bhéal féin!

Úsáideann Niamh í, ach ní minic i bhfoirm abairt. Cuireann sí ainmfhocal Gaeilge isteach abairt Béarla an cuid is mó den am, ach cuireann sí struchtúr Gaeilge ar na habairt Béarla! Níor thuig mé séard a bhí ag tarlú ach an seachtain seo chaite.

Déirfidh sí "She is with long hair." nó "He is with that green léine." Agus bhí mé trí chéile faoin bunús de, ach faoi dhéireadh, d'oibrigh mé amach séard a bhí sí ag déanamh - ag aistriú le chun seilbh a thaispeánt!
Is léi na bróga sin.
Aistriuchán eile a dhéanann sí- go hiondiúil, roghnaíonn sí an réamhfhocal ceart do Ghaeilge ach le cuma aisteach as Béarla-
"I am giving attention on her."
"He has love on his máthair."
"Show to me it!"

Tiocfaidh sé. Níl imni orm níos mó. Déanfaidh mé mo dhícheall agus feicfidh muid.

Tá súil agam go bhfuil sibh go léir sasta 's sláintiúil i bhur gcóirnéil den domhain. : )

3 comments:

aonghus said...

Gnáthrud, cuid den fás suas ilteangach. Is annamh Gaeilge ná Gearmáinis i mbéal m'inínse - seachas focal thall agus abhus.

Nuair a chloiseann siad páistí eile, sin an eochair.

Colm Ó Broin said...

Tá sé sin thar a bheith spéisiúl, bhí mé i gcónaí ag smaoineamh ar cén saghas Béarla a bheadh ag Gaeilgeoirí fadó agus iad ag foghlaim na teanga, 'Gaeilgeachas' mar a dearfá, is cosúil gur sin a rud atá ag tarlú le do pháistí ach mar a deir Aonghus is gnáthrud é agus iad ag fás aníos go dátheangach.

Seosamh Ó Riain said...

A Jennifer, a chara,
Is iriseoir mé leis an nuachtán Gaelscéal (www.gaelsceal.ie), agus ba mhaith liom alt a scríobh faoina bhfuil á dhéanamh agat ag tógáil do chuid páistí le Gaeilge agus ag cur scolaíochta orthu i gCeanada.
An féidir liom glaoch a chur ort chun labhairt leat?
Seo cúpla ceist ba mhaith liom a chur ort mar gheall ar an alt do Gaelscéal:
1. Cén fáth ar shocraigh tú ar do do chuid páistí a thógáil le Gaeilge?
2. Cén fáth ar shocraigh tú ar scolaíocht bhaile a chur ar do pháistí?
3. Céard iad na deacrachtaí is mó a fuair tú leis an dá rud thuasluaite a chur i gcrích go dtí seo?
4. An de bhunadh na hÉireann tú nó cén fáth a bhfuil suim agat féin sa Ghaeilge? Léigh mé ar do bhlag gur as Kansas ó dhúchas thú.
5. Cár fhoghlaim tú do chuid Gaeilge?
6. An bhfuil aon chabhair ar fáil sa cheantar agatsa chun scolaoícht bhaile a chur i gcrích?
7. An ag éirí go maith leat chun do chuid páistí a thógáil le Gaeilge?
8. An ag éirí go maith leat chun ar scolaíocht bhaile a chur ar do pháistí?
9. Aon eolas eile?

Míle buíochas,
Seosamh