Showing posts with label Gaeilge Anna. Show all posts
Showing posts with label Gaeilge Anna. Show all posts

Thursday, September 17, 2009

Ná caill an bus!

Thosaigh Anna ag freastal scoil an bhliain seo. Cár imigh an t-am? Is breá léi é. Bhí sceitimíní uirthi á thosú agus d'aithrigh a clog inmheánach cheana! Tá sí ina seasamh go moch ar maidin ina aonar go hiondiúil anois. Níl orm í a dhúiseacht. Is cailín an-cairdiúil í, agus is breá léi ag caint 's ag sugradh le na paistí eile.
Ach dar léi, foghlaimíonn sí na rudaí céanna gach lá. Tá an comhrá céanna againn gach trathnona.
"Céard a fhoghlaim tú inniu?"
"An rud céanna mar inné."

Tá sí ag marcaíocht ar an mbus gach lá, agus tá siúl fada againn an bus a fháil freisin. Tuigim go bhfuil achar níos foide ag duine éigin, ach mo léan, ar an cnoc seo? Agus sa bhaisteach, sa gheimhreadh, ag siúl le beirt phaiste beaga i troithe sneachta? Níl sceitimíní orm faoi. Chuir mé pictiúr den cnoc ar an mblag an samhradh seo chaite: ach ní sa griangraf ach an deireadh ; nuair atá muid ag an áit sin, tá muid tar éis ag siul sé nóiméad. Agus ar ndóigh, ní hé an bhealach síos é an fadhb: ach ag teacht anuas aríst!

Niamhín bocht, bíonn sí ag iarraidh dul le hAnna ar an mbus. I gceann cúpla bliain gearr, rachaidh, mo Stór. Tiocfaidh an lá go mbeidh tú tinn tuirseach leis!
--------------------
Is mian liom gur tosnódh Anna an cluiche seo arís, mar tá an fhoirm 's freagra mícheart aici leath chuid den am anois. Tá mé ag déanamh mo dhícheall Gaeilge a úsáid go heisiach san oíche ó mbíonn sí in áit Béarla ar feadh an lae anois. Níl sí ag déanamh ro-dona ag labhairt Gaeilge liom, tá sé beagáinín nádúrtha di, ach caithfidh mé a bheith an-dícheallach go fasfaidh sí níos laidire agus féinmhuiníneach leis.
------------
Is é lá daor againn inniu, agus níl sé ach a h-ocht a chlog ar maidin fós! Rug Niamh ar mo ríomhaire glúine a bhí ar bhord agus mé ag cur amach an bruscair. Thit sé ar an úrlár, agus tá bloscadh bainte as an scáileán, díreach ó thaobh amháin gon taobh eile, ó coirnéal go coirnéal. Is cuma léi, ach bainneann sé go mór le m'fhear chéile 's mé féin! Míle dollar, imithe i nóiméad, ach coicís oibre go hiomlán ag teacht. Sin an slí! Feicim na súile móra gorma sin ag féachaint orm go neamhchiontach, agus coinneann sí ar a bealach chun chéad rud eile. Ní raibh mé crosta léi - cén chaoi go bhféadainn a bheith? Ní thuigeann sí cúrsaí airgid, nó an ciall idir saor agus daor. Tá siad díreach mar a chéile dar léi!

An leigheas? Ullmhaigh pota tae nua. Le cupán te i do lámh, tá radharc níos fearr den domhain agat. ☺

Friday, February 6, 2009

Blas an Mí

Dúirt mé leat faoin glór diffriúil a dheanaim nuair atá mé ag spraoi le Anna. Labhraim, as Gaeilge, cosúil le Eddie Murphy nuair atá mé Donkey, ón scannáin Shrek, nó Shrek fein. Go hiondiúil tá blas Béal Feirste orm, ag deanamh jab dona mar Shrek bocht.

Bhuel, fuair muid scannain nua ag Nollaig o mo chara: Ratatouille. O tá fhios agat cheana féin. Blas Fraincis ar mo Ghaeilge. Nach suimiúil an teach seo! Ait, ar aon nós. Déanaim iarracht, ach níl Gaeltacht againn ar chor ar bith. Tá súil agam gurbh fhéidir le Gaeilgeóir duchais muid a thuiscint, tar éis bliana gan aon Gaeilgeóirí inár saol. Sainchor deacair againn.

In fhirinne, tá Anna mífhoighneach leis an nGaeilge arís. Tar éis Nollaig, agus an cuid am is mó caite leis an teaghlach mór, daoine nach bhfuil aon Gaeilge leo, ní raibh muid á úsáid chomh minic 's ba chóir dúinn.

Agus cuid beag greann leithreas...
Tá leabhar againn, darbh ainm Degas agus an Damhsoir Beag.
Tá bailiríne ann, Marie. Thosaigh sí ag freastal scoil bhailé, agus bhí sí ag dul chun cinn go maith, ach tar éis fadhb slainte ina teaghlach, ní raibh a ndóthain airgead acu don ranganna bailé. 

Dúirt an seanmhúinteóir lei, "...mura mbíonn ranganna gach lá agat beidh orm an pháirt mhór a thabhairt do duine éigin eile."

Thosaigh Anna ag gáire. Níor thuig mé. Cén fath a bhfuil sin greannmhar duit?
Deir si agus fós ag gáire, "Pháirt? pháirt mhór? Cén fath a bhfuil sé ag thabhairt pháirt do dhuineicínt? Nach tuthóg é sin?" 
Tar éis mo gháire féin, bhí orm míniú di, agus gach uair a léimid é, arís 's arís eile. 
B'fhéidir gurbh cóir duit a bheith ann.

Tuesday, January 6, 2009

Cheap sí go dúirt sé...

Ar feadh an seachtain seo chaite, d'fhoghlaim mé amhráin nua: Peigin Leitir Mór.
Bhuel, bhí cúpla focal ann nar thuig Anna go ro-mhaith ar dtús.

An céad cuid, as an gcurfá:
na focal ceart : Míle grá le m'anam í, sí Peigin Leitir Mór
na focal Anna : Míle grá, is maith liom í, sí Peigín Leitir Mór

Coinneann sí á chanadh.

an dára cuid, sa véarsa déireadh:
na focal ceart: Comhraigh do chuid bullán agus féach go bhfuil siad ann
na focal Anna: Comhraigh do chuid bullán agus féach go bhfuil siad donn

Ní fhéadadh mé an difríocht a chloisteáil eatarthu, ach tar éis ag canadh uair amháin, chuir sí ceist orm. Bhí an comhrá mar seo:
"Cén fath a raibh siad go léir donn?"
D'fhreagar mé, "Na bó? Ní raibh fhios agam go raibh."
"Dúirt an amhráin go raibh.. (agus chan sí) féach go bhfuil siad donn!"

Bhí mé ag gáire ar an úrlár, ar ndóigh. Mo chailín, mo stoirín. :)

Monday, December 8, 2008

Codladh samh...

Seo é an nuacht an bhliain dom. Ní bheidh sé chomh suimiúil d'aon duine eile, ach domsa, tá sé ollmhór.

Chodail Niamh ar feadh na hoíche, ó 9 a chlog san oíche, go 6 a chlog ar maidin. Ní chreidim go tharla sé faoi dhéireadh. Tá sí ocht mí deag, agus níor chodail sí ar feadh na hoíche go dtí an seachtain seo. Buíochas le Dia!! Níl mise cleachtu leis fós, mar sin féin, tá mé fós ag éisteacht léi, ag fanacht, ag smaoineamh, beidh sí ina suí aon nóiméad anois, fan go bhfeicfidh muid. A saol faoin am seo, bhí sí ag duiseacht go minic, agus mise léi. Tá athas an domhain orm a bheith criochnaithe leis an céim sin.

Agus an aimsir, abair! Tá Mí na Nollag go déireanach ann. Tá stoirm laidir againn. Tá sé ag cur go huafasach lasmuigh agus mise ag scríobh cois tine laistigh, le cupán tae te in aice liom. Iontach deas! Beidh sin, an talamh ban, cludaithe le sneachta, cabhrasacht mise a cur in intinn ceart an teach a mhaisiú le haghaidh Nollag.

Tá muid ag iarraidh níos lú suim a a bheith againn i bhféiriní an bhliain seo, ag cur béim ar rudaí níos tabhachtaí - ag caitheamh am le chéile, an teaghlach féin, déirc...
níos mó faoi sin ar ball b'fhéidir.
Chuala mé an comhrá seo:
"Ní bheidh ach trí féiríní ag aon duine inár dteach."
"O? Cén fath?"
"Má ba leor d'Íosa sin, is leor sin duitse!"

Sunday, October 19, 2008

Biseach le cluichí

Tá cluiche an-cabhrasacht ag Anna anois. Thosaigh sí ag lig uirthi go raibh sí ag argóint liom, ach ní raibh dairíre. Mar sin féin, déanann an cluiche seo mar cleachtu iontach briathartha neamhríalta!

Mar shampla, nuair a déirim, "Rinne!" agus freagraíonn sí "Ní dhearna!" agus déirimid an comhrá seo aríst 's aríst eile (le chonaic agus ní fhaca freisin) , tar éis nóiméad, tá na foirm ceart curtha go daingean maith ina hintinn! Níorbh féidir liomsa cleachtu níos fearr a dhéanamh di ná sin!

Cluiche eile: cur lenition ar gach focal a déireann tú. Tá glór ait ort nuair a déanann tú é seo, ach sin an rud is fearr faoi, dar léi. Tá an cluiche seo suimiúil go háirithe ón cailín seo, mar ní dhéanadh sí é sin ar chor ar bith cúpla mhí ó shin, mar a dúirt mé cheana. Arís, nuair a déanann sí é seo, titeann sí ar an urlár ag gáire fuithi féin, mar is í an cailín is greannmhara, tuigeann tú.

Aréir, bhí seans maith agam caint le mo chara Gaeilge (buíochas le Dia!) agus bhí sin an chéad uair gur bhuail fonn ar Anna caint léi as Gaeilge. Tar éis cúpla nóiméad agus mise ag caint ar an ngúthan as Gaeilge (ní tharlaíonn sé sin ro-mhinic an dtuigeann tú) d'fhéach sí suas chugam le cuma beagnach trí chéile uirthi, agus dúirt sí, "An bhfuil Gaeilge aici???" Nuair a freagar mé, "Tá," níor chreid mé an cuma ionadh agus sceitimíní a thainig uirthi! Léim sí suas ag rá, "Can I talk???" Agus lean sí uirthi ag caint as Gaeilge le mo chara, ag insint scéal seafóideach di, agus ag insint faoi chuile rud sa theach: na héadaí a bhí sí ag caitheamh, an bia is fearr léi agus ar aghaidh, agus ar aghaidh, agus níor thug sí cead domsa caint arís go dtí go raibh sí lan criochnaithe, sasta le comhrá sach fada! Bhí mé an-brodúil aisti.

Bhí sin iontach sproaiúil dúinn. Go raibh maith agat, mo Stór. Tá fhios agatsa cé túsa. ☺

Thursday, September 18, 2008

Gaeilge Anna

I rith ag foghlaim, ag sú, uaireanta déanann sí rudaí greannmhar, as Béarla agus Gaeilge.
Ní dhearna sí aon lenition ar bith go dtí cúpla mí ó shin. Déireann sí anois 's arís iad anois, ach níl san áit ceart i gcónaí. Bhí sí ag rá arís abairt gur chuala sí ar taifeadadh againn, "An-deas a PJ!", ach dúirt sise, "An-deas a PhíJ!"
Ach, déireann sí "mo seomra" an t-am ar fad.

Tiocfaidh an bhealach ceart, tá fhios agam, sa slí céanna go fasann a cuid Béarla níos fearr. Tá sí ag foghlaim níos mó gach lá. Tá suil agam go raibh sin fíor fúmsa!

Ní dúirt Niaimhín focal amháin ar bith fós, agus rinne mé dearmad go tuigeann sí séard atá mise ag rá léi. Inniu, rinne sí praiseach uafasach lena lón, mar atá de nós aici a dhéanamh, agus nuair a chas mé timpeall í a fheiceáil agus dúirt mé, "Féach ort!!" Lig sí gáire mór uaithi. :) Thuig sí!

Muirneach! Níl aon rud chomh spesialta agus lách na leanaí.

Ní cuimhin liom ma dúirt mé cheana é seo, ach tá Anna i ngrá le cúpla amhrán, 's amhránaí. Donal agus Mórag, ó Altan, agus Bog Braon ó Iarla O Lionaird. Chonaic muid Iarla ar Youtube agus anois, tá orm é a thaispeán di gach eile lá. An scéal céanna le Altan, is breá léi an amhráin sin. Tagaim léi, in fhirinne. Tá tuirim maith aici!

Tuesday, April 15, 2008

Bog Tosaigh!

Tá cluiche nua againn anseo. D'fhaire Anna cúpla teascáin Bog Stop ar TG4 agus anois rinne sí cluiche as. Tá pátrún cearnóg againn ar urlár an chistin, agus ligeann sí uirthi gur é an clár Bog Stop. Cuirim ceist uirthi, ag lig orm gur Treasa mé, ag léamh ó phaipéar, ceist an-simpli, cosúil le,
"Ceard é an dath is fearr leat?"
"Cén t'ainm atá ar d'athair?"
"Cén aois thú?"
"Cá bhfuil tú i do chonaí?"

Nach corraitheach? Nach bhfuil tú ar cipíní? ☺

Tá sé spraoiúil mar sin. Tar éis ag freagar na ceist, léimeann sí thart an urlár. Úsáideann muid ár nGaeilge le chéile. Tá sé go maith.


Agus tá Anna ag aithriú cúpla focal - ceapann sí go bhfuil banana níos fearr as Gaeilge mar bananún. Mar sin, deireann sí é sin.

Dúirt sí cúpla nóiméad ó shin, nuair a bhí muid ag sugradh le chéile,
"An bhfuil tú ag fualadh na madra?"
Bhí mé trí chéile, dar ndóigh: ag fualadh? Cad tá i gceist againn anseo?

aaaahhh.. Tuigim anois. fooling, ach Gaelicized. Suimiúil. Faighim cúpla focal cosúil le sin gach seachtain, ach bhí an ceann sin níos deacair dom ag an am. Is docha go bhfuil mise níos moille mar sin. Níl mé ro-cliste na laethanta seo.

Saturday, May 19, 2007

cupla rudaí fúmsa

Dia duit inniu!

Níl mé ach ag fanacht agus ag fanacht an leanbh seo a thabhairt. Tar amach, a leanbh! Ba Dé Luain mo 'duedate', ach níl aon rud ag tharla fós. Tá iníon amháin eile agam. Tá sí trí bhliana d'aois, agus tá sí chomh iontach mar athas féin. Ceapaimse gur iníon an té ionam freisin, ach níl aon fath agam á smaoineamh. Ar aon nós, móthaim é. Niamh a bheidh an ainm cúrtha uirthi, mas cailín í.

Cupla rudaí faoi mo scéalsa agus mo thuras Gaeilge. Is as Kansas City mé ó dhúchais. Is fidléir, pianadóir, 's damhsóir céim mé. Is máthair 's bean chéile mé, le ceathair bhliana anuas. Bhí muid pósta ar Lá Féile Pádgraig, trí thimpiste - níor shocraigh muid é mar sin - sin mar a tharlaigh sé. Ciallam - níor phlean muid a bheith pósta ar Lá Féile Pádgraig- plean muid a bheith pósta! Ba chomhtharlú greannmhar é.

Thainig mé chun teanga tríd an ceoil. Thosaigh mé ag éisteacht 's ag foghlaim ceoil tradisiúinta na hÉirinn ar dtús, (ba veidhleadóir clasacach mé), agus nuair a thosaigh mé leis an teanga, bhí méi ngrá. An saol a bheith agam cheana, a bhí críochnaithe. Ní bheadh aon rud mar a bhíodh arís.

Thosaigh mé ag foghlaim Gaeilge i gceart ag ollscoil Toronto, agus bhain mé mo chéim amach i gclár staideir ceilteach. Ní raibh mé in Éirinn ach dhá mhí aríamh, samhradh amháin, i 1999, ocht mbliana ó shin anois. D'fhán mé le clann i gConamara ag foghlaim agus ag freastail cursa Gaeilge ag an Áras Mháirtín Uí Chaidhain.

Fuair mé go leor leor Gaeilge ag an bpub i dToronto, an áit a chuaigh mé seisiúin a fháil gach seachtain nuair a bhí mé ann. D'fhoghlaim mé na mílte fonn tradisiúinta freisin. Muise, bhí craic ann. Airim uaim é. Ba bhreá liom a bheith ar ais ansin uaireanta. Ach tá airgead ón Diabhal féin, tá me cinnte. Tá sé ro-dhaor a eitilt anois. Ní chreidim an chaoi go ardú na praghsanna. Ní raibh sé ach cuig nó sé bhliana ó shin, agus b'fhéidir leat eitilt ó Toronto go Halifax 's ar ais le $200. Ach níl anois. Muise, chuaigh mé ó Toronto go Kansas City 's ar ais don praghas céanna!

"Ba iadsan na laethanta..."
ar aon chaoi..
Tá mé ag iarraidh mo chlainn a thógáil a bheith dá-theangach le Béarla agus Gaeilge. Tá m'iníon ag déanamh iontach maith leis go dtí seo, agus tuigeann sí gach focal a úsáidim, ach toisc nach bhfuíl mé sách comhsheasmhach, ní úsáideann sí é i gcónaí liomsa. Tá an dá theanga meascaiche aici. Ach ní úsáideann sí Gaeilge le aon duine eile ach mise. Tá fhios aice cén uair is ceart á úsáid. Déireann sí rudaí mar seo,
"Here Mommy, tóg it," nó
"Look at the puiscín beag!"
"I wanna cuid sú."

Ní raibh aon rud chomh tairbheach mo Gaeilge a fheabhsú ná á labhairt gach lá le m'iníon.

Bhuel, caithfidh mé an seisiúin seo a dhúnadh. Chaith mé an iomarca am anseo. Am neall codlata arís. :)
Slán libh!