Thursday, November 15, 2007

Tháinig agus chuaigh sé

Thug m'athair cuairt dom na dhá seachtain seo chaite. Bhí sé go deas. Ní fhaca mé é anois on dhá bhliana ó shin! Ní chreidim é. Eitlíonn an t-am. D'fhas Anna go leor leor, agus dar ndóigh, tá gar-iníon nua ar fad aige! Tá sise ag fás freisin : tá sí sé mhí d'aois anois.

Cuireann sé uaigneas orm faoi mo baile dúchais agus mo mhuintir go mór mór. Ní raibh mé ar ais go Kansas City ach cúig bliana ó shin, chun Nollag a cheiliúradh (agus chur m'fhear chéile ceist orm: an bpósaidh tú mé? hehe). Níl sé spraoiúil a bheith chómh fada ó do mhuintir, nuair a tá tú go mór le chéile.

Tá an aimsir ag éirí níos fuaire, agus tá tine againn sa tintean. Déanann sé an teach teolaí. Is maith liom é. Cuireann siad an leasainm 'firebug' orm. Ceapaim gur ciallaíonn sé gur ionadh orm faoin tine. Tá siad ag magadh fúm ach is cuma liom. Tá leasainm níos measa ann.

Bhuel, tá fadhb agam, níos mó ná a cheap mé riamh. Tá fhios agam. Déirim é sin gach uair a scríobhaim anseo. Is cosúil nach bhfuil an blag seo iomlán gan cuid ag gearan.

Dúirt Anna liom cupla lá ó shin, "Mommy, stop talking in Irish. I don't like it." Agus d'fhreagar mé, "Ach, is maith liomsa é." Agus d'fhreagar sise, " I know YOU like it, but I don't like it."

Ní raibh fhios agam cad ba chóir dom a rá ansin. Nó cad is cóir dom a dhéanamh anois. Lean orm ag caint as, agus na cur chomhalladh uirthi é a úsáid liom? Tá mé meallta, ach ní ceapaim go ndearna mé aon rud uafasach no mícheart léi. Níl a fhios agam. *sigh* An bhfuil aon barrúil ag aon duine eile amuigh ansin i dTír an Idirlíon? Tá mé caillte.