Friday, July 3, 2009

Toot Toot!

Sin mar a chloisimse ar feadh an lae anois, mar thug m'fhear chéile feadóg do m'inion.
Go raibh míle míle maith agat, a Dhuine.
Nach uafasach, tubaisteach, millteanach an torann a déaneann siad. Mo léan. Agus ní dhéanann siad ach nóta amháin arís agus arís eile, ar ndóigh. Nóóóóta faaaaaada aaan-aaard.
Tá sé ceart go leor do mar tá sé ar obair ar feadh an lae. Níl sé ag éisteacht leis an ceolfhoireann uallach.

Agus ós rud é go bhfuil fhios acu gach rud ann le fios (níl fhios agamsa Aon rud faoi ceoil, dar leo), níl cead agam cunamh nó treoracha a thabhairt ar chor ar bith. Tá siad ag muineadh iad féin, a deir siad. Mmm hmm... feicim é sin. Agus cén chaoi a bhfuil sibh ag dul chun cinn?? An bhfuil cead agam an ceist SIN a chur?

Tá teach cultúr againn, cinnte, le paisti ag rith timpeall an tí ag lig scread agus gáire, ag lig orthu go bhfuil siad ag bualadh amach cúpla céim, s' ag casadh ceoil.

Beidh sé go deas nuair a déanann siad aithris beagáinín níos fearr. :) Faoi láthair, níl sé ach ard. Spraoiúil, sona, glic, ach ard.

Nach binn é, am codlata... ciúnas agus mo philiúr bog, faoi dhéireadh.