Thursday, December 18, 2008

Rud Maith le Rá

Is leor na rudaí a bhí agam le rá ag gearán faoin easpa cartún maith le feiceáil ar an idirlíon ó TG4 (Tá fhios agam nach bhfuil orthu rud ar bith a dhéanamh domsa. Níl siad ag fáil aon sochair uaim; níl mé ag íoc do aon seirbhís. Fiú nach bhfuil mé i mo chonaí in Eirinn.)

Mar sin, anois, nuair atá moladh agam, is cóir dom é a thairiscint chomh maith.

Is breá linn cúpla taispeán nua atá acu:
Sean Tom go mór mór,
Loopdidioo
Bó Bogadaí

Déan rogha ar Loopdidoo sa chartlann Cúla 4, agus go minic tá cúpla nóiméad Tar ag Spraoi Sesame le fáil roimh Loopdidoo, agus tá Sean Tom ann ina dhiadh. Bua bua. :)
Is maith liom Sean Tom.

Tá mé cinnte go raibh sibh go léir ag lorg ar tuairisc agus athbhreithniú maidir le na cartún nua atá ann an séasúr seo. An-suimiúil do mo lucht-léitheóir ar fad.

Sin é mar atá sé i dTír na Mamaíblag.

Más fearr leat is féidir liom inis duit faoin mún a ghlán mé ar maidin. Ach is dóigh liom nach bhfuil an ábhar sin níos fearr.

Monday, December 8, 2008

Codladh samh...

Seo é an nuacht an bhliain dom. Ní bheidh sé chomh suimiúil d'aon duine eile, ach domsa, tá sé ollmhór.

Chodail Niamh ar feadh na hoíche, ó 9 a chlog san oíche, go 6 a chlog ar maidin. Ní chreidim go tharla sé faoi dhéireadh. Tá sí ocht mí deag, agus níor chodail sí ar feadh na hoíche go dtí an seachtain seo. Buíochas le Dia!! Níl mise cleachtu leis fós, mar sin féin, tá mé fós ag éisteacht léi, ag fanacht, ag smaoineamh, beidh sí ina suí aon nóiméad anois, fan go bhfeicfidh muid. A saol faoin am seo, bhí sí ag duiseacht go minic, agus mise léi. Tá athas an domhain orm a bheith criochnaithe leis an céim sin.

Agus an aimsir, abair! Tá Mí na Nollag go déireanach ann. Tá stoirm laidir againn. Tá sé ag cur go huafasach lasmuigh agus mise ag scríobh cois tine laistigh, le cupán tae te in aice liom. Iontach deas! Beidh sin, an talamh ban, cludaithe le sneachta, cabhrasacht mise a cur in intinn ceart an teach a mhaisiú le haghaidh Nollag.

Tá muid ag iarraidh níos lú suim a a bheith againn i bhféiriní an bhliain seo, ag cur béim ar rudaí níos tabhachtaí - ag caitheamh am le chéile, an teaghlach féin, déirc...
níos mó faoi sin ar ball b'fhéidir.
Chuala mé an comhrá seo:
"Ní bheidh ach trí féiríní ag aon duine inár dteach."
"O? Cén fath?"
"Má ba leor d'Íosa sin, is leor sin duitse!"

Tuesday, December 2, 2008

le feiceáil 's le léimh

An ábhar is minic le feiceáil anseo: paistí: liomsa, agus le daoine eile. Tar éis ag féachaint ar bpaiste daoine eile, cuirfidh mé cúpla griangraf nua de mo chlainn féin. Ag fás i gcónaí, níos luachmhar, daor do mo chroí.

Seo Niamh, le dreach beagnach fiáin, ach gleoite fós go deimhin.




Anna anseo, álainn, mar atá sí go deo. Nach bhfuil a gruaig go hálainn?
Cosúil le ór...
Tá eagla orm cheana féin faoi na bliana déaga. Tá buailteoir ag a hathair cheana. Tá sé reidh don scuaine buachaillí ag ár ndoras.

Agus go deireanach, mé féin, le mo seanchara, an fhidil. Cé go bhfuil an griangraf seo beagnach cáisiúil, tá sé deireanach - an deireadh seachtaine seo chaite.




Beidh ceann agat de m'fhear chéile mar féirin Nollag. Fiú scrios mé an iontas. Ansin, beidh an bailiú go léir agat.

Muise agus muid ag caint faoi Nollaig, ní chreidim go bhfuil mí na Nollag ann cheana! An bhfuil aon duine liom? Céard a tharla leis an bhFómhair? Is dóigh le m'intinn go bhfuil Meán Fómhair fós ann. Tá sí trí chéile. Tá fhios agam an fadhb mar sin féin: an céim. Tá sé fós i bhfad ro-the. Is féidir linn imirt sa phairce anseo gan caitheamh ach geansaí (thart na héadaí eile, ar ndóigh, na bí amaideach). Níl orainn cotaí a chaitheamh fós - ach i mí na Nollag?? In Alba Nua??? Tá global warming le mhothú b'fhéidir?

Is aoibhinn liom a bheith i mo mháthair. Is é an post is fearr liom ar domhain don am seo, cé go bhfuil uaireanta ann go gheofá mé ag tarraingt an cuid gruaig atá fagtha ar mo chloigeann tar éis á iompar i rith naoi mí agus iad a thabhairt, amach. Fós, tá miongháire orm an cuid is mó den am. Múineann siad mé chomh minic mar a múinimse iadsan. Is gaol an-suimiúil é.

Monday, December 1, 2008

Amhránaí óg

Níor scríobh mé le bliana anuas, (cén bliain é anois?), rinne mé i m'intinn, tá an am ceart tagtha. Tá na pláinéad ailínithe. Is féidir liom scríobh.

Agus, chonaic mé an fisean iontach seo freisin. Sin an fath fíor go bhfuilim anseo anois. Rinne mé iarracht litir a scríobh chun a máthair arson cead a fháil an fisean a chur anseo, ach níor fhreagair sí mo "iarr cara" le cúpla mí anois - mar sin, tá mé á cur anseo. Chuir sise é ar an idirlíon don saol mór a fheiceáil.

Tuigim go bhfuil teaghlach Gaelach ann, sa Ghaeltacht is dócha. Is damhsóir sean nós iontach í freisin, más fíor dom.

Ar aon nós, seo í, an amhránaí breá óg:



Nach deas í! Bheadh mé iontach bródúil aisti. Tá mé cinnte go bhfuil a máthairse. Tá sin an fath go bhfuil sí ar an idirlíon!