Thursday, June 28, 2007

D'fhag me mo theach!

Agus ni raibh me ag ceannacht grosaireacht.
B'fheidir nach bhfuil fhios agat, ach is nuacht e sin!

Chuaigh muid cois tra, agus nach raibh se go halainn! Rinne me dearmad ce chomh alainn a bhfuil an fharraige. Ni chreidim e. Chaith me an chead ocht bhliain deag de mo shaol i gKansas City, agus ni fhaca me tonnta agus gaineamh an fharraige go dti an am sin, ar mo chead turas go Ceap Breatainn. An uisce is mo a bhfaca me roimhe sin a bhi na hOzarks. Chuaigh mo mhuintir ann cuairt a thabhairt uaireanta do mo shean-aintin agus sean-uncail Rankin.

Ach ni raibh se sin ar nos an fharraige ar chor at bith. An la seo, bhi an ghrian ag tosu ag dul faoi, ach fos an-geal, na tonnta ag bualadh an tra, aris 's aris eile, laidir agus daingean. Go halainn. Do-chreidte ar fad domsa, na rudai a rinne Dia.

Bhi athas mor ar Anna, ag caitheamh clocha san uisce. Is brea lei ag sugradh cois tra. Ta se fos beagnach fuar in aice leis an uisce, mar sin, ni raibh aon duine ag dul amach san uisce, agus bhi muid ag caitheamh geansai, ach ni raibh aon feithid ann ach an oiread. Seo e an am is fearr sa bhliain a bheith ansin. Nios deanai sa samhradh, beidh feithid uafasach ann, agus ni bheidh se chomh deas 's comportach.

Tar eis ag sugradh cois tra chuaigh muid uachtar reoite a fhail sa mbaile mor. Go hiontach freisin!

-----------------------

Nuair a ta me ag caint le Niamh, agus deirim rud mar "Cad ta ort, a Niaimhin?" nuair a ta si ag caoineadh, cuireann Anna in uil dom, "Ni feidir lei caint, Mamai!"
Muise, rinne me dearmad. Go raibh maith agat, a Anna. Nach tu ata cabhrasacht.

Rinne me dearmad cen chaoi a dheanann rudai le leanbh nua. Ta me i mo dhuiseacht ag gach uair ar an gclog. Nil si ro-dona, ta si ina codladh go hionduil nios mo san oiche, ach fos, ta tu ag duiseacht dha no tri uair gach oiche. Ta si ga tosu miongaire agus caint beagan uaireanta. An-deas. An duirt me go ceapaim go mbeidh gruaig rua uirthi? Ta se deacair a fheiceail fos, ach is doigh liom. Mo chailin beag Gaelach... Niamh rua.

Wednesday, June 27, 2007

naid le ra

Ta me ag iarraidh scriobh, ach nil moran am agam, agus nil a fhios agam cad ta suimiul duit! Ta rudai ceart go leor leis an clann nua, ach ta tuirse orm, dar ndoigh. Ta orm neall codlata gach la, chomh minic mas feidir liom ar aon nos. Ta suil agam go bhfuil gach duine ag deanamh go maith, agus beidh rud nios suimiul le ra agam nios deanai. Ta me cinnte go mbeidh.

Slan anois ~

Sunday, June 10, 2007

aah Gaeilge...

Is brea liom e.

Ta me nios fearr ag usaid e nuair ata athas orm. Nuair a ta tuirse mor orm, no ata an iomarca rudai ar m'intinn, ta me uafasach leis. Is e an sceal ceanna le gach rud mar sin. Nuair a ta me reidh an domhain a bua, nil aon faghb agam mo su ur a dheanamh le meacan dearg 's glasrai eile; is feidir liom gach jab a dheanamh timpeall an ti, 's e a ghlanadh on urlar don dion. Ach ansin, ta uaireanta ann agus ni feidir liom aon rud a dheanamh. Nil me abailte an fhidil a chleachtu, suipear a chocaireacht, ta me mar duine gan ceann. Ait.

Thosaigh m'fhear cheile ag foghlaim cuid Gaeilge! Nil se ag deanamh dona ar chor ar bith. Thosaigh se ag foghlaim cupla rud nuair a bhi me san ospideal, a bheith ag usaid cuid le Anna gach la agus me imithe. Bhi se tabhachtach di Gaeilge a chloisint gach la. Bhiomar in intinn amhain faoi sin, buiochas le Dia. Mar sin, rinne me paipear le b'fheidir deich no do-dheag sentences ann, mar shampla, "tar anseo" no, "oiche mhaith" no "Am suipear" "tar anseo agus ni".. "an bhfuil tu lan?" "an bhfuil ocras ort?" tuigeann tu. Bhi se ag usaid iad lei, agus bhi sin ceart go leor, ach ansin, thosaigh si ag usaid nios mo Gaeilge leis, mar cheap si gur feidir leis e a thuiscint anois. oh well! Duine bocht. Cloisim e ag usaid iad uaireanta fos. Ach cuireann se blas francais air :). Ta se granmhar. Ach is cuma liom - ta se ag iarraidh e a dheanamh - ta athas orm! Tuigim agus is cuimhin liom go bhfuil se deacair, go mor mor nuair a ta tu ag tosu do lamh a chur don Gaeilge, no aon teanga nua.

Ta sceitimini orm faoin samhradh, agus an ceol ata teacht! Bhi an geimhreadh ro-fhada gan ceol tradisiunta ar bith. Bhi me ag seinm ar eaglais, agus ba bhrea liom e freisin, ach ni an rud ceanna e. Ta orm na ceolchoirm a thosu ar 4 Iuil. Ni raibh me ag seinm moran fidil no piano le miosa anois, agus ta faitios orm faoi, ach ta fhios agam go mbeidh se ceart go leor, bealach eigin. Bionn se i gconai, agus ni thuigim e uaireanta, ach nuair a ta me ar an 'stage', tagann se le cheile.

Go raibh maith agat, a Dhia. :) Ta fhios agam go maith go bhfuil gach rud uaitse.

Thursday, June 7, 2007

Iontas na niontas...

Bhi me mar seo...





agus anois, d'fhag an bolg (beagnach), agus fuair me inion nua!!
Feach!



Seo e an deirfiur broduil lei. Nach alainn iad?

Ni chreidim ce chomh brea ata gach rud anois. Ta m'fhear cheile 's me fein ag fas le cheile nios mo, ta gra ag Anna ar a deirfiur nua.. ta an teach lan le gra! Is rud iontach i seo, leanbh nua, direach o Dia. Ta se do-chreidte.

Ta Niamh ag codlata go maith san oiche. Duisionn si gach tri no ceathair uaireanta le haighaidh ithe, ach ansin, teann si direach ar ais ina codladh. Sar mhaith, i mo bharruil! Agus ta athas uirthi go hionduil nuair a ta si ina duiseacht.

An aon nota amhain 's nach iontach e; ta candida agam aris, no fos. Is doigh liom nar d'fhag se riamh. Mar sin ta pian agam nuair ata me ag biathu an leanbh, pian uafasach go fior, ach fuair me leigheas on dochtuir an Sin (Chinese). Is leigheas luibheanna e, agus blasann se chomh uafasach.. och. Cuireann tu e in iogurt. Nach dona an rud a dheanamh don iogurt deas! Iogurt bocht. Mise bocht!! Ni raibh aon rud chomh uafasach i mo bheal roimhe sin. Ach ma chuireann se biseach orm, ba fiu ithe e.

Dunfaidh me a litir seo le rud eile deas. Ta an samhradh anseo i ndeireadh na dala! Oh, cuireann na duilleoga agus bachloga athas orm tar eis an geimhreadh fada dorcha. Is brea liom na laethanta grianmhar, ag sui ar an deic ag ithe lon, ag feachaint thart pairce lan le crann 's gort go dti an fharraige, an speir gorm thart mo cheann, an gaoth ag seideadh gruaig Anna 's i ag rith timpeall an pairce, ag sugradh 's ag spraoi, ag miongaire chomh mor, ag piocail blathanna. Laetheanta brea. Seo e an fath go raibh gra agam ar an ait seo.

Is cuimhin liom anois. :)