Wednesday, February 24, 2010

Ó bun go barr, Gaeilge do chách!

Is maith lenár cat creacailte TG4. Cúla 4 a bheith specificiúil.
Sa ghrianghraf seo, tá Nora an Cat ag faire Tum Ollie Tum le Niamh.
Moncaithe. : )

Ba é sin an t-aon uair amháin gurbh fhéidir leo fanacht in aice le chéile gan troid.



Bfhéidir go tosnóidh sí a rá, "Miú" in ionad "meow" anois, meas tú?

Bhuel! Is maith liom a bheith le rá agam gur thosaigh Niamh ag úsáid níos mó focail Gaeilge, agus chualatar a céad abairt Gaeilge! Bhí sí níos moille a labhairt ná Anna (Béarla agus Gaeilge), ach faoi dhéireadh, tá briathar Gaeilge le chloisteáil as a béal. Níl a fhios agam má tá sé mar seo le paistí eile, ach le mo chlainn, thosaigh siad ag cur isteach ainmfhocal i bhfad níos easca agus luath ná na briathar. Mar sin, bhí fhios agam go raibh céim nua i gceist againn nuair a thosaigh na briathar ag teacht freisin. Bhí sí ag dul chun cinn!

Is maith léi a bheith conspóideach. Déanann sí cluiche as.
"Tá." "Níl."
"TÁ!" NÍL!" etc.
Insíonn sí dom cén taobh den argóint atá mé sular a thosimid. : )
Déireann sí na hainimhithe: capall, bó, muc, éan, péist, lacha (mar lala), cearc
Fósta, cloisim: Oíche mhaith, codladh sámh, gráim thú, tá sé ag cur báistí/shneaca [sic], bainne, úll, leite, léine, bróga, bríste, geansaí, cóta, tine, leaba, léamh leabhar, cluidín, cnaipe, Slán!
...agus níos mó gach lá. Cuireann sé sceitimíní orm iad a chloisteáil- gach focal nua atá aici!


Anois, tá ceist agam daoibhse, a Léitheóirí:

Tá cúpla cairde eile agam atá dá-theangach, tógtha le Fraincis agus Béarla. Chaith siad cuid den am sa Fhranc agus cuid eile i gCeanada. Nuair a bhí siad sa Fhranc, agus an saol ina dtimpeall as Fraincis, d'úsáid siad Béarla sa teach. Dá réir, nuair a bhí siad i gCeanada, d'úsáid siad Fraincis amháin, mar bhí sé an-tabhachtach do na tuismitheóirí go mbeadh a gclann foirfe dá-theangach - agus tá siad. Foirfe. Iontach.

Ar aon nós, nuair a bhí siad ag iarraidh teanga amháin a chloisteáil, agus bhí an paiste ag úsáid an teanga eile, lig siad orthu nach raibh siad in ann an paiste a thuiscint, ag fanacht leo an teanga a aithriú. Tá fhios agam go raibh críochtháirge maith acu, ach tá eagla orm go gcuireadh an slí sin isteach ar na paistí, nuair atá fhios acu gan dabht gurb fhéidir leat iad a thuiscint, níl tú ach a bheith contráilte. Níl mé ag iarradh a bheith cancrán ina dtuirim.

Cad a cheapann sibhse? Rinne mé an cleas sin ar maidin agus í ag fás reidh ar scoil, agus d'aithrigh sí go Gaeilge, ach b'fhéidir an rud a chur i gcuimhne, ná déan é mar dlí - má tá siad ag streachail an focal a fháil nó rud mar sin, ná bí sotaire faoi.

Aiseolas?