Monday, October 19, 2009

Celtic Colours Festival, tar ar ais!

Nach iontach an t-am a bhí agam ag an fleá cheoil Celtic Colours, an seachtain seo chaite!

Bhuail mé le Mícheál O Súilleabháin, Máire O Keeffe, Brian O hEadhra, Fidil, Gay & Seán McKeon, Laoise Kelly, Liam O Maonlaí, Maighread & Tríona Ní Dhomnhnaill, Mairéad Ní Mhaonaigh, Seosamh O Neachtain, agus Brendán Begley 's a mhac is sine. D'iarr na heagradóirí díom a bheith mar saghas ambasadóir do na hEireannaí nuair a bhain siad an fleá cheoil amach. Reitigh siad cóisir dóibh i ndiadh an chéad ceolchoirm, agus bhí cuireadh agam don dálas sin, a bheith le fidil i mo lámh 's Gaeilge ar mo theanga le haidhaigh fáilte cairdiúil a chur, agus iad a dhéanamh chomh compórtach más féidir.

Ach níl pioc cruthúnas agam. Chas mé ceol leo ag an seisiúin, 's bhí cómhrá, bia 's deoch againn le chéile ag suipéir 's cóisir, ach tá mé gan fianaise. Tá mé lán le cuimhne iontach mar sin féin!

Thug mé mo cheamara liom, ach dóigh éigin, las sé ina aonar taobh istigh mo spórán, agus bhí an cadhnra marbh nuair a thug mé amach é a úsáid. O bhuel! Sin an slí!

Seo fiseán de cuid de na ceol a bhí le chloisteáil ann. Bhí sé thar barr. Bhí mé ar muin na muice, dairíre.

Tá mé an-buíoch as an seans a bhí ann, cuid mór cómhrá Gaeilge a fháil (buíochas le Dia!) ag eirí cairdiúil le daoine luachmhar, 's sean-chairde a fheiceáil arís.

An-am ar fad.

Scéal brónach

Téann mo phaidreacha suas don teaghlaí bochta na píolótaí i gConamara...

Nach cruálach an saol uaireanta.