Thursday, December 18, 2008

Rud Maith le Rá

Is leor na rudaí a bhí agam le rá ag gearán faoin easpa cartún maith le feiceáil ar an idirlíon ó TG4 (Tá fhios agam nach bhfuil orthu rud ar bith a dhéanamh domsa. Níl siad ag fáil aon sochair uaim; níl mé ag íoc do aon seirbhís. Fiú nach bhfuil mé i mo chonaí in Eirinn.)

Mar sin, anois, nuair atá moladh agam, is cóir dom é a thairiscint chomh maith.

Is breá linn cúpla taispeán nua atá acu:
Sean Tom go mór mór,
Loopdidioo
Bó Bogadaí

Déan rogha ar Loopdidoo sa chartlann Cúla 4, agus go minic tá cúpla nóiméad Tar ag Spraoi Sesame le fáil roimh Loopdidoo, agus tá Sean Tom ann ina dhiadh. Bua bua. :)
Is maith liom Sean Tom.

Tá mé cinnte go raibh sibh go léir ag lorg ar tuairisc agus athbhreithniú maidir le na cartún nua atá ann an séasúr seo. An-suimiúil do mo lucht-léitheóir ar fad.

Sin é mar atá sé i dTír na Mamaíblag.

Más fearr leat is féidir liom inis duit faoin mún a ghlán mé ar maidin. Ach is dóigh liom nach bhfuil an ábhar sin níos fearr.

Monday, December 8, 2008

Codladh samh...

Seo é an nuacht an bhliain dom. Ní bheidh sé chomh suimiúil d'aon duine eile, ach domsa, tá sé ollmhór.

Chodail Niamh ar feadh na hoíche, ó 9 a chlog san oíche, go 6 a chlog ar maidin. Ní chreidim go tharla sé faoi dhéireadh. Tá sí ocht mí deag, agus níor chodail sí ar feadh na hoíche go dtí an seachtain seo. Buíochas le Dia!! Níl mise cleachtu leis fós, mar sin féin, tá mé fós ag éisteacht léi, ag fanacht, ag smaoineamh, beidh sí ina suí aon nóiméad anois, fan go bhfeicfidh muid. A saol faoin am seo, bhí sí ag duiseacht go minic, agus mise léi. Tá athas an domhain orm a bheith criochnaithe leis an céim sin.

Agus an aimsir, abair! Tá Mí na Nollag go déireanach ann. Tá stoirm laidir againn. Tá sé ag cur go huafasach lasmuigh agus mise ag scríobh cois tine laistigh, le cupán tae te in aice liom. Iontach deas! Beidh sin, an talamh ban, cludaithe le sneachta, cabhrasacht mise a cur in intinn ceart an teach a mhaisiú le haghaidh Nollag.

Tá muid ag iarraidh níos lú suim a a bheith againn i bhféiriní an bhliain seo, ag cur béim ar rudaí níos tabhachtaí - ag caitheamh am le chéile, an teaghlach féin, déirc...
níos mó faoi sin ar ball b'fhéidir.
Chuala mé an comhrá seo:
"Ní bheidh ach trí féiríní ag aon duine inár dteach."
"O? Cén fath?"
"Má ba leor d'Íosa sin, is leor sin duitse!"

Tuesday, December 2, 2008

le feiceáil 's le léimh

An ábhar is minic le feiceáil anseo: paistí: liomsa, agus le daoine eile. Tar éis ag féachaint ar bpaiste daoine eile, cuirfidh mé cúpla griangraf nua de mo chlainn féin. Ag fás i gcónaí, níos luachmhar, daor do mo chroí.

Seo Niamh, le dreach beagnach fiáin, ach gleoite fós go deimhin.




Anna anseo, álainn, mar atá sí go deo. Nach bhfuil a gruaig go hálainn?
Cosúil le ór...
Tá eagla orm cheana féin faoi na bliana déaga. Tá buailteoir ag a hathair cheana. Tá sé reidh don scuaine buachaillí ag ár ndoras.

Agus go deireanach, mé féin, le mo seanchara, an fhidil. Cé go bhfuil an griangraf seo beagnach cáisiúil, tá sé deireanach - an deireadh seachtaine seo chaite.




Beidh ceann agat de m'fhear chéile mar féirin Nollag. Fiú scrios mé an iontas. Ansin, beidh an bailiú go léir agat.

Muise agus muid ag caint faoi Nollaig, ní chreidim go bhfuil mí na Nollag ann cheana! An bhfuil aon duine liom? Céard a tharla leis an bhFómhair? Is dóigh le m'intinn go bhfuil Meán Fómhair fós ann. Tá sí trí chéile. Tá fhios agam an fadhb mar sin féin: an céim. Tá sé fós i bhfad ro-the. Is féidir linn imirt sa phairce anseo gan caitheamh ach geansaí (thart na héadaí eile, ar ndóigh, na bí amaideach). Níl orainn cotaí a chaitheamh fós - ach i mí na Nollag?? In Alba Nua??? Tá global warming le mhothú b'fhéidir?

Is aoibhinn liom a bheith i mo mháthair. Is é an post is fearr liom ar domhain don am seo, cé go bhfuil uaireanta ann go gheofá mé ag tarraingt an cuid gruaig atá fagtha ar mo chloigeann tar éis á iompar i rith naoi mí agus iad a thabhairt, amach. Fós, tá miongháire orm an cuid is mó den am. Múineann siad mé chomh minic mar a múinimse iadsan. Is gaol an-suimiúil é.

Monday, December 1, 2008

Amhránaí óg

Níor scríobh mé le bliana anuas, (cén bliain é anois?), rinne mé i m'intinn, tá an am ceart tagtha. Tá na pláinéad ailínithe. Is féidir liom scríobh.

Agus, chonaic mé an fisean iontach seo freisin. Sin an fath fíor go bhfuilim anseo anois. Rinne mé iarracht litir a scríobh chun a máthair arson cead a fháil an fisean a chur anseo, ach níor fhreagair sí mo "iarr cara" le cúpla mí anois - mar sin, tá mé á cur anseo. Chuir sise é ar an idirlíon don saol mór a fheiceáil.

Tuigim go bhfuil teaghlach Gaelach ann, sa Ghaeltacht is dócha. Is damhsóir sean nós iontach í freisin, más fíor dom.

Ar aon nós, seo í, an amhránaí breá óg:



Nach deas í! Bheadh mé iontach bródúil aisti. Tá mé cinnte go bhfuil a máthairse. Tá sin an fath go bhfuil sí ar an idirlíon!

Sunday, October 19, 2008

Biseach le cluichí

Tá cluiche an-cabhrasacht ag Anna anois. Thosaigh sí ag lig uirthi go raibh sí ag argóint liom, ach ní raibh dairíre. Mar sin féin, déanann an cluiche seo mar cleachtu iontach briathartha neamhríalta!

Mar shampla, nuair a déirim, "Rinne!" agus freagraíonn sí "Ní dhearna!" agus déirimid an comhrá seo aríst 's aríst eile (le chonaic agus ní fhaca freisin) , tar éis nóiméad, tá na foirm ceart curtha go daingean maith ina hintinn! Níorbh féidir liomsa cleachtu níos fearr a dhéanamh di ná sin!

Cluiche eile: cur lenition ar gach focal a déireann tú. Tá glór ait ort nuair a déanann tú é seo, ach sin an rud is fearr faoi, dar léi. Tá an cluiche seo suimiúil go háirithe ón cailín seo, mar ní dhéanadh sí é sin ar chor ar bith cúpla mhí ó shin, mar a dúirt mé cheana. Arís, nuair a déanann sí é seo, titeann sí ar an urlár ag gáire fuithi féin, mar is í an cailín is greannmhara, tuigeann tú.

Aréir, bhí seans maith agam caint le mo chara Gaeilge (buíochas le Dia!) agus bhí sin an chéad uair gur bhuail fonn ar Anna caint léi as Gaeilge. Tar éis cúpla nóiméad agus mise ag caint ar an ngúthan as Gaeilge (ní tharlaíonn sé sin ro-mhinic an dtuigeann tú) d'fhéach sí suas chugam le cuma beagnach trí chéile uirthi, agus dúirt sí, "An bhfuil Gaeilge aici???" Nuair a freagar mé, "Tá," níor chreid mé an cuma ionadh agus sceitimíní a thainig uirthi! Léim sí suas ag rá, "Can I talk???" Agus lean sí uirthi ag caint as Gaeilge le mo chara, ag insint scéal seafóideach di, agus ag insint faoi chuile rud sa theach: na héadaí a bhí sí ag caitheamh, an bia is fearr léi agus ar aghaidh, agus ar aghaidh, agus níor thug sí cead domsa caint arís go dtí go raibh sí lan criochnaithe, sasta le comhrá sach fada! Bhí mé an-brodúil aisti.

Bhí sin iontach sproaiúil dúinn. Go raibh maith agat, mo Stór. Tá fhios agatsa cé túsa. ☺

Monday, October 13, 2008

Déireadh Fómhair in Alba Nua

Tá sé go hálainn. Chuaigh mé ag tiomáint an trathnóna seo, agus nach raibh na dathanna iontach. Bíonn Déireadh Fómhair anseo iontach álainn, agus tagann daoine ó chuile áit é a fheiceáil gach bliain.

Bhí sé ag cur baistí ar feadh na maidine, agus anocht, tháinig an grian amach, 's bhí sé meascaithe grianmhar 's scamallach, le na scamall ag clúdach an cuid mór den spéir ach bhí uigeachtaí iontach le feiceáil. B'aoibhinn liom é ar fad. Thug mé Anna agus Niaimhín liom ar ndóigh, agus bhí siad ag baint sult as freisin, ag gairm moladh os ard ón suíochán chul.

Stad muid ag feirm beag úll. Tá scioból beag dearg acu in aice leis an sráid, agus cheannaigh muid mála éadach úll úr. Tá siad fós ag úsáid an córas ónóir, más féidir leat a chreideamh. Tá canna stáin ag suí ar an seilf in aice le na bosca 's ciseán úll, agus fagann tú d'airgead ann, gan aon duine d'fheiceáil (seachas Dia, ar ndóigh). D'ith muid iad ar a mbealach abhaile.

Stad muid cois trá cúpla nóiméad freisin, ach bhí sé ro-fhuar cheana mórán am a chaitheamh ann. Ach gach uair a téim cois trá, cuimhnim cé chomh spioradálta atá sé dom. Níl a fhios agam cén fath, ach nuair a fheicim an fharraige mór sin, 's na tonnta ag roilliú 's ag roilliú suas suas suas, aríst 's arís eile, thart ar a chéile, sa sean slí sin, mar a bhí siad céad míle bliana ó shin, fasann rudeicínt i mo chroí socair, agus mothaim urraim. Is maith liom a bheith socair roimh cruthú. Tá sé an diffriúil ná luas sochaí inniu de gnáth.

Tá sé tábhachtach é sin a dhéanamh, i mo thuirim féin, ó am go h-am. Tá an déarcadh diffriúil sin uainn. Tá muid an bheag ar an domhain mór seo.

Saturday, October 4, 2008

cúpla scéal éaganta

Cúpla lá ó shin anois, bhí Anna ag spraoi léi féin, agus chuala mé ag caint í, 's bhí sí ag caint i rann, ag déanamh filíocht spontáineach, as Gaeilge! Wow! Ní bhfuair mé gach focal, ach thuig mé an cuid seo:

"bhí cearca ann tráth, agus thug muid dóibh min,
ach tháinig ainmhí eile agus d'ith sé go léir é, an madra sin!!"

Agus rinne sí cúpla scéal grinn. Dúirt mise rud éigin agus d'fhreagar sí, "Céard??" ós ard, agus rinne muid an comhrá sin arís 's arís eile, agus faoi dhéireadh dúirt mé, "An bhfuil tú bodhar?" agus d'fhreagar sí, "Céard a dúirt tú?? Níl mé ramhar!!" agus thosaigh sí ag gáire, mar a bhí sí an cailín is greannmhar ar domhain. Bhuel, tá, ar ndóigh.

Lá eile bhí muid ag caint ach níor thuig sí rudeicínt a bhí mé ag rá agus dúirt mé, "An bhfuil tú trí chéile?" agus d'fhreagar sí, "Níl. Tá mé ceathair chéile!

Tar éis scéal faoi Anna, seo duit pictiúir de Niamh. Níl sí ag rá tada fós, ach bíonn an-spraoi ann inti.


Thursday, September 18, 2008

Gaeilge Anna

I rith ag foghlaim, ag sú, uaireanta déanann sí rudaí greannmhar, as Béarla agus Gaeilge.
Ní dhearna sí aon lenition ar bith go dtí cúpla mí ó shin. Déireann sí anois 's arís iad anois, ach níl san áit ceart i gcónaí. Bhí sí ag rá arís abairt gur chuala sí ar taifeadadh againn, "An-deas a PJ!", ach dúirt sise, "An-deas a PhíJ!"
Ach, déireann sí "mo seomra" an t-am ar fad.

Tiocfaidh an bhealach ceart, tá fhios agam, sa slí céanna go fasann a cuid Béarla níos fearr. Tá sí ag foghlaim níos mó gach lá. Tá suil agam go raibh sin fíor fúmsa!

Ní dúirt Niaimhín focal amháin ar bith fós, agus rinne mé dearmad go tuigeann sí séard atá mise ag rá léi. Inniu, rinne sí praiseach uafasach lena lón, mar atá de nós aici a dhéanamh, agus nuair a chas mé timpeall í a fheiceáil agus dúirt mé, "Féach ort!!" Lig sí gáire mór uaithi. :) Thuig sí!

Muirneach! Níl aon rud chomh spesialta agus lách na leanaí.

Ní cuimhin liom ma dúirt mé cheana é seo, ach tá Anna i ngrá le cúpla amhrán, 's amhránaí. Donal agus Mórag, ó Altan, agus Bog Braon ó Iarla O Lionaird. Chonaic muid Iarla ar Youtube agus anois, tá orm é a thaispeán di gach eile lá. An scéal céanna le Altan, is breá léi an amhráin sin. Tagaim léi, in fhirinne. Tá tuirim maith aici!

Thursday, September 11, 2008

Céim nua

Thosaigh Anna ag úsáid i bhfad níos mó Gaeilge inné agus arú inné! Níor chreid mé na habairtí ag teacht as a béal! Yay! Ní dúirt sí ach cúpla focal as Béarla i rith an lae. Hallelujah! Dochas. Misneach, cinnte, a Aonghus. :)
Bhí sceitiminí orm. Bhí orm an scéal a roinn le duineicínt. Ba bhreá liom níos mó a scríobh ach... am saor... tá sé daor!

Tuesday, August 19, 2008

Crosta.

Bhuel, níl dairíre, mar tá na grian go hárd sa spéir arís agus tá athas an domhain orm faoi sin! Bhí an aimsir i bhfad ro-scamailleach le déanaí. Murabh fhéidir liom troid leo, bheinn. Bhí siad ag cur faoi gruaim mé.

Bhi me beagnach crosda nach raibh aon seans agam a scriobh le beagnach dha mhi.

Ach anois! Grian! Solas! Teas! Aoibh sasta, i ndéireadh na dála.

Níl sé suimiúil d'aon duine eile, ach cúpla lá ó shin, bhí Jenny agus Niamh ar Bog Stop! Ni mise ata i gceist, ach daoine eile le na ainmeacha céanna. Cheap m'intinn paistiuil go raibh sé greannmhar.

Ar aghaidh chun scéal nios suimiúil na an aimsir agus ainmeacha na daoine ar an teilifis: bhí seans agam labhair le fear ó Chonamara cúpla seachtain ó shin! Cén chaoi? Cén ait? Thainig sé go dti mo cheolchoirm.

(Gabh mo leithsceal. Stop mo riomhaire amadach ag déanamh na fadai go léir- anois, ta ♂♀ agus ♪ agam nuair a déanaim iarracht na fadai a chur. Cén fath? Nil cliú ar bith agam. )

Ar aon nos, bhi comhra Gaeilge agam le Gaeilgeoir fasta, agus beo! Ni raibh me ar an nguthán, no an idirlion! Do-chreidte. Nil moran seans cosúil le sin agam! Bhain mé an sult as. Agus an seachtain i ndiadh sin, thug mé pacaiste sa phost uaidh! Bhi taifeadadh ceol tradisiunta agus litir sa chludach. Nach deas! Bhi se an spreaguil comhra a ghlacadh, agus b'fhéidir liom esan a thuiscint, agus b'fhéidir leis mise a thuiscint. B'fhéidir nach bhfuil cuma tabhachtach no speisialta ar an sceal sin, ach da mbeadh tú féin i m'ait, tuigeadh tú.

Nil sé deacair mise a spreagadh. Is maith an rud sin.

Wednesday, July 2, 2008

Faoistiní

Cúpla rudaí aite fúmsa.

Tá mé chomh amaideach, shábháil mé bosca gallúnach níochán go cheannaigh mé deich mbliana ó shin in Éirinn. Cén ócáid spesialta atá mé ag fanacht leis? An bhfuil an gallúnach sin speisialta? Domsa, tá. Is breá liom an boladh ann. Mmmm... Dúirt tuilleadh daoine go bhfuil boladh maith orm nuair a d'úsáid mé é! Tá sé fós agam.

Amaideach ar fad.

Rud amháin go cuireann sceitimíní orm anois agus tá beirt inion agam: is féidir liom modh ordaitheach iolra a úsáid anois! Agus cén fath a bhfuil sin suimiúil dom? Ceapaim go bhfuil sé glic a rá, bígí, stopaigí, taraigí, etc., go bhfuil cuma mhaith orthu. Nuair a bhí mé fós ag iompar Niamh, bhí mé ag smaoineamh, "O! Tar éis tamaillín, beidh orm bígí a rá!"

Seafóideach.

Ní dúirt mé ariamh gur thainig mé i méadaíocht nó sofaisticiúil fós.

Wednesday, June 18, 2008

Amach ag siúl

Seo é mo bhóthar agus an cuan.


Nach álainn é, cruthú Dé? Tá ionadh orm faoin toghadh mór glás 's uaine atá ann. Cé nach bhfuil aon bándearg ann, nó dearg, tá sé fós suimiúil leis an speictream glásanna a thaispeáin do sult do shúile a bhaint astu.


Agus an aimsir chomh maith le déanaí, téimid amach ag siúl an cuid is mó den lá. B'fhéidir go dúirt mé cheana féin é seo: gabh mo leithscéal má dúirt. Mar atá sé slantiúil, spraoiúil, maith duinn. Bliana ó shin, ba é an leasainm Lupin Lane ar mo bhotharsa. Má gheobhaidh mé pictiúir maith de, cuirfidh mé suas anseo é.

Thosaigh mo cheolchoirmeacha agus is breá liom iad! Tá sé go hiontach a bheith ag seinm arís le daoine! Smaoinigh! Ach tá rud níos do-chreidte ( an bhfuil cead agam é sin a rá? Tá amhras orm go bhfuil...) ann: tá mé ag dul ar turas! Rachaidh mé go Halifax an deireadh seachtaine seo chugainn, agus tá an-sceitimíní orm faoi. Gabhfaidh mé na cailíní liom, agus beidh cruinniú ann le mo dluthchara ann agus a iníon. Ní dhearna mé turas mar seo le bliana anois- cuig bliana a bheith sainiúil. Beidh sé go maith a bheith amuigh sa domhain, rudaí 's daoine diffriúil a fheiceáil.

Tá Anna fós ag rá rudaí ar nós:
Mise: "An ndearna tú é?"
Anna: "Is dhearna."
Agus cé go freagraím leis an gramadach ceart í, coinneann sí ag labhairt micheart. B'fhéidir go aithreoidh sí agus í ag fás níos sine? Tá suil agam go aithreoidh! Ceaptar gur múinteóir uafasach mé! (cén chaoi go deirtear, it would be thought?)

Friday, June 13, 2008

Cén mí atá i gceist?

Tá duilleoga againn, i ndeireadh na dála. Buíochas le Dia!!

Agus anocht, thóg mé tine sa thinteán. Ní chreidim é. I lár mí Meitheamh, tá sé chomh fluich 's fuar go raibh orm tine a thógáil.

Níl tú i gKansas anois, a Thótó.

Tá an teach i bhfad níos teólaí anois, mar sin féin! Bainim sult as tine sa thintean, aon mí.


Gach bliain, deirim an rud céanna, tá an scéal céanna agam: is aoibhinn liom an samhradh anseo. Caitheann an Geimhreadh an foighne atá agam, agus nuair a tagann an t-Earrach, fásaim níos cantalach gach lá. Mar níl fíor Earrach againn anseo, i mo thuairim féin. Ní bhíodh blathanna againn, nó crainn faoi bhlath.
Ach ansin, tagann an Samhradh. Ligim osna agus tosnaíonn cuma sona a bheith le feiceáil orm arís.

Thursday, June 5, 2008

Suigh síos liom

Agus beidh cupán tae againn, nó caife: deoch éigin. Céard ab fhearr leat?
Bhuel, cá raibh mé? Cén fath nach raibh mé ag scríobh le tamaill fada anois?
Cúpla fath atá ann.
Bhí an teaglach go léir tinn le dhá seachtain.

Ach in fhírinne, bhí cotadh orm faoi mo chuid Gaeilge arís. Tá fhios agam, tá tú ag rá, get over it.
Tagaim leat. Ba bhreá liom á dhéanamh, ach uaireanta níl sé chomh éasca le sin. Bhí mé ag léamh blaganna eile, agus ag éisteacht le comhrá acadaimh Gaeilge faoin gramadach ardchéime agus polataíocht, agus bhí siad chomh ard ós mo chionn mhothaigh mé íochtarach. Cheap mé, cén chaoi go cheap mé gurb fhéidir liom múineadh Gaeilge do mo chlainn? An labhróidh siad ar nós hicks le Gaeilge uafasach? Bhuel, in fhírinne, b'fhéidir. Ach tá mé ag tabhairt dóibh gach rud gur féidir liom, agus cé nach mbeidh siad líofa, beidh siad exposed chun teanga agus cultúr eile, agus tá sé thar barr don a n-intinn, agus iad ag fás 's ag foghlaim.

Ag déireadh an lae, rachaidh an teanga chun sochair dóibh, murab fhéidir leo léamh, scríobh, nó cúpla focal a labhairt. Anois, déanfaidh mé mo dhícheall an imní a stopadh ag teacht orm.

Gan imní, gan náire, gan faitíos, labhair an teanga, agus bí sona gur féidir liom á dhéanamh.
Sin é inniu.

Tuesday, April 15, 2008

Bog Tosaigh!

Tá cluiche nua againn anseo. D'fhaire Anna cúpla teascáin Bog Stop ar TG4 agus anois rinne sí cluiche as. Tá pátrún cearnóg againn ar urlár an chistin, agus ligeann sí uirthi gur é an clár Bog Stop. Cuirim ceist uirthi, ag lig orm gur Treasa mé, ag léamh ó phaipéar, ceist an-simpli, cosúil le,
"Ceard é an dath is fearr leat?"
"Cén t'ainm atá ar d'athair?"
"Cén aois thú?"
"Cá bhfuil tú i do chonaí?"

Nach corraitheach? Nach bhfuil tú ar cipíní? ☺

Tá sé spraoiúil mar sin. Tar éis ag freagar na ceist, léimeann sí thart an urlár. Úsáideann muid ár nGaeilge le chéile. Tá sé go maith.


Agus tá Anna ag aithriú cúpla focal - ceapann sí go bhfuil banana níos fearr as Gaeilge mar bananún. Mar sin, deireann sí é sin.

Dúirt sí cúpla nóiméad ó shin, nuair a bhí muid ag sugradh le chéile,
"An bhfuil tú ag fualadh na madra?"
Bhí mé trí chéile, dar ndóigh: ag fualadh? Cad tá i gceist againn anseo?

aaaahhh.. Tuigim anois. fooling, ach Gaelicized. Suimiúil. Faighim cúpla focal cosúil le sin gach seachtain, ach bhí an ceann sin níos deacair dom ag an am. Is docha go bhfuil mise níos moille mar sin. Níl mé ro-cliste na laethanta seo.

Saturday, April 5, 2008

Maith thu, a Dheasún

Tá mé ag baint an-sult as taispeáin le feiceáil ar RTE anois, an chéad ceathair teascáin de, anseo, más maith leat iad a fheiceáil freisin. Ná faire orthu le paistí sa seomra leat, mar níl an teanga ro-mhaith ann. Úsáideann sé an iomarca focal mallacht i mo bharúilse, ach tá sé fós greannmhar.

Is fear grinn é, Deasún (Des Bishop as Béarla), agus tá taispeáin aige faoin ag foghlaim Gaeilge. In the Name of the Fada is ainm dó.

Bhuail fonn orm turas a dhéanamh ar ais go hÉirinn, ag féachaint air ag tiomáint timpeall na Gaeltacht: Conamara agus An Cheathrú Rua go mór mór. Níl mé ag dul ar hunger strike nó aon rud, ach ba bhreá liom turas a dhéanamh. Bheadh sé iontach cabhrasacht domsa agus d'Anna freisin anois. Tá a cuid Geailge ag fás go maith, ach tá fadhbanna aice fós gan aon cómhra a chloisteáil. Tá sí ag déanamh ar fheabhas, ag féachaint don bacainní atá againn. Ach tá mise second-guessing (ag ceistiú?) mé féin go minic. An é sin an litriú/réimniú/foghraíocht ceart? nuair atá mé ag comhrá nó ag scríobh. Déanaim dearmad go leor gramadach agus cuid focail freisin, gan aon cainteóir liom, seachas Anna bocht, agus cé go bhfuil sí ag déanamh maith, níl sí ag úsáid aon focal ach na ceann a thug mise di, de gnath. Is docha gur cóir dom rang éigin a dhéanamh, mo theanga a fheabhsú.

Móthaim beagnach stucailte anseo uaireanta, gan modhanna a dul aon áit: gan carr, nó airgead a bheith ag eitilt, cuairt a thabhairt ar mo thuismitheóirí. Ach uair eile, tá fhios agam go maith gur mise ball de na daoine is beannachta sa dhomhain, má ciallaíonn beannachta saibhir, ach tá amhras ag fás orm faoi sin.

Tá Anna ag glaoch orm anois, ag rá, "Feic! Feic, a Mhamaí!" Deirimse arís féach lei, ach fós deireann sí, feic. :) Oh bhuel.

Gabh mo leithscéal má tá mo thuin beagnach diúltach, ach tá imní orm na laethanta seo faoi suite mo thuismitheóirí - gan post, gan airgead, agus ag fás níos sine. Níl sé ro-dheas. Nach dona mé. Tá mise ag gearran faoi easpach Geailge in mo shaol agus níl arán ag daoine eile, daoine a bhfuil aithne agam orthu, dlúthdhaoine dom.

Sin é inniu. Glaonn dualgas. Bhí mo dhothain am ag clabaireacht agam.

Wednesday, March 26, 2008

amach an fuinneog

Tá an aimsir trí chéile. Geimhreadh? An t-Earrach? Níl a fhios aige. Bhí sé sa caogaidí cúpla lá ó shin, ansin, chuir sé sneachta, agus bhí muid faoi bhlaincéad bána cúpla lá, anois tá an sneachta leáite arís. Ach tá sé fós sách fuar go bhfuil orainn tine a choinneáil sa sorn. Níl ach clábar againn ar fud na háite anseo agus tá gaoth laidir ann freisin.

Faighim fath diffriúil gach séasúr 's níl mé ag iarraidh dul amach. Amaideach. Deirimse go bhfuil sé ro-fhuar, ansin nuair a tá sé níos teo, oh ní maith liom an clábar, agus sa Samhradh, tá an iomarca feithid ann. Tóg droichead, mar a tá déirtear, agus get over it.

Tá Anna ag leanúint lena Gaeilge go maith, agus an rud is cabhrasacht anois? Tar ag spraoi Sesame, ar TG4 gach Máirt agus Déardaoin. Teastaíonn uaim é le feiceáil níos minice. Tosnaíonn sí ag úsáid i bhfad níos mó Gaeilge tar éis gach taispeáin.

Thosaigh muid ag sugradh cluiche nua, mar teaghlach, m'fhear chéile freisin, ''Feicimse le mo shuile beaga, rud atá... '' Rinne muid é sin aréir agus nach raibh sé spraoiúil. M'fhear chéile bocht, ag suí ansin le leabhar, ag cuardach ar na focal a bhí sé ag iarraidh úsáid. Bhí mé an brodúil as, go raibh sé ag déanamh iarracht air mar sin, agus ag cabhrú leis an scéim Gaeilge. Fear maith é.

Ba bhreá liom a bheith ag scríobh níos minice, ach is tráchtearra daor é, Am.
Anois, b'fhéidir gur cóir dom dul taobh amuigh, agus aer úr a fháil, déan mo fhúil ag rith go maith. Túsa freisin. Téigh anois.

Anois! Slán! :)

Friday, February 29, 2008

Lá Léim

Bliain Bhisigh Shona leat.

Bron orm, tá mé mall ag scríobh.
Bhí an-am againn ar maidin ag bácáil arán, Anna agus mé féin. Ba cuiditheoir maith í. Bhí sé spraoiúil leis an plúr 's ag déanamh praiseach in éineacht leis an arán. Is breá lei a chabhrú liom sa chistin. Agus dar ndóigh, an rud is fearr atá ag ithe an arán te úr ag déireadh na himeachtaí.

Cén fath an bhfuil ar paistí a imirt lenár mothúchán? Roinnt laethanta, úsáideann Anna Gaeilge liom, agus anois 's arís diúltaíonn sí a bhaint leis. Leanfaidh mise orm gan aird uirthi. Braitheann rudaí ormsa. Tá an meáchan ar mo ghualainn féin.

Cén fath a bhfuil sé níos easca dom mná a thuiscint ag labhairt Gaeilge, ná fir? Ghlaoigh mé ar sagart Éireannach inniu agus bhí sé deacair dom á thuiscint.

Cronaím Tró Tró. Bhí sé le feiceáil ar TG4 uaireanta, ach ní fheicimid é anois. Oh bhuel.

Níl mé ro-suimiúil inniu, ach bhí mé ag iarraidh scríobh ar aon nós. B`fhéidir go mbeidh an t-ádh leat an chéad uair eile. Níl mé ag déanamh aon gealltanas, mar sin.

Saturday, February 2, 2008

Pictiúirí Nollaig!

Bron orm, ach tá mé an brodúil as mo chlainn. Paistí álainn!





Nach bhfuil tú níos sona anois? Tá fáilte romhat. :)

Saturday, January 19, 2008

Uh, cérb as thú?

"Tá blas ait agat ar do theanga..."

Tá mé leadránach. Sin déireadh an scéal. Tá mé fós ag léim faoin scuaine Gaeilge ag teacht amach as béal m'inion gach lá anois. Is é sin Scéal an Bhlian domsa.

Ach tharla cúpla rudaí granmhar i rith na laethanta Gaeilge, agus roinnfaidh mé cuid díobh leat.

Oiche amháin, bhí mé ag imirt le Anna agus bhí sí ag lig orm go raibh "Puck" an t-ainm a bhí uirthi -is docha duine ón cartoon éigin. Bhuel, bhris mé a dlí gramadach an uair sin agus ní dhearna mé an tiseal vocative. hmmm..... "OH! Dia dhuit..... uuuhh... Puck."

Mar sin, thosaigh Anna á úsáid faoi dhéireadh, agus dúirt sí, "a WANNY!" (nanny) nuair a tháinig a seanmháthair cuairt a thabhairt cúpla lá ó shin. Níl sé gan botún, ach tá na barrúil ceart aici, agus bhí mise ag gáire, cé nach raibh mamó.

Freisin - ní fhaca tú aon rud mar seo riamh cheana. Tá orm glór diffriúl a dhéanamh i gcónai lei nuair a tá muid ag sugradh. Tá grá aici ar Shrek, agus cé a bhí mise? Tá an ceart agat, ba Donkey mé. Mar sin, bhí orm glór Eddie Murphy a dhéanamh, as Gaeilge.... mmm. Suimiúil. Bhuel, rinne mé é, ach bhí mé nios cosúil leis Fred, an seanfhear ar Sanford and Son. Oh bhuel. Bhí sé granmhar 's spraoiúil domsa.

Agus níl sin deireadh mo scéal! B'fhéidir nach bhfaca tú Veggie Tales riamh, ach tá scoth scannáin againn uathu. I scannáin amháin, tá speig nanta ann, agus Chalil (sp?) is ainm do, agus tá canúint aige ar nós Indiach nó Pakistani. BHUEL, dár ndóigh, ba mise Chalil, agus bhí Gaeilge le blas Pakistani le chloisteáil sa theach an lá sin, agus go minic anois. Ait ar fad.

Ní raibh sé sin easca, inseoidh mé duit! Déanaim na glór sin gach lá anois. Nice. Ah, na rudaí a dhéanann muid do na paistí...

Thursday, January 10, 2008

fós ar an muc bocht sin

Ní chreidim é fós. Tá Anna ag labhairt Gaeilge liom ar feadh an lae. Tá áthas an domhain orm faoi, níl aon rud eile agam a rá! Tá sé chomh spraoiúil a bheith ag cómhra as Gaeilge, a bheith á cloisint. Iontas na niontas. Buiochas le Dia!

Anois, ná tit den vaigín, a Jennifer! Lean ort! Tá seans agat, faoi dhéireadh. Tá dóchas ann.