Thursday, July 28, 2011

Samhradh na Gaeilge ... agus scoil an bhlian seo chugainn?

Tá an Samhradh tagtha faoi dhéireadh anseo. Bhí mé ag caitheamh geansaí agus seaicéad fiú an seachtain seo chaite, dá gcreideadh sin.

Ach anois, agus Anna ar ais sa bhaile arís linn, tá muid in ann atmaisféar Gaeilge a chruthú.

Tá sé suimiúil dom na rudaí beag bídeach atá abailte spreagadh a thabhairt ar dhuine.
Mar shampla, ba Lá Canada ann ag bun mí Iúil, agus chuaigh muid go ceolchoirm mór pobail. Ghlaoigh siad orm uair sular a thosaigh sé a sheinm in ionad pianodóir eile a raibh tinn. Muise chuaigh muid agus chonaic Anna grúpa cailíní ag déanamh damhsa tradisiúinta Albannach. Níor stop sí fós ach ag damhsa timpeall an tí ar nós na cailíní sin! Freisin, bhí fear ann - líofa i nGaidhlig na hAlban agus iontach maith i nGaeilge freisin. Tá fhios aige go bhfuil mé ag tógáil na cailíní le Gaeilge agus tá an-meas aige ar an aidhm; dá bhrí sin, cabhraíonn sé nuair atá seans ar bith aige. Ní raibh ach cúpla abairt acu le chéile agus mé ar an ardán, ach ní chreidim an difríocht inti anois. Chuala mé níos mó Gaeilge aisti inniu ná chuala mé an trí míosa seo chaite!

Go raibh maith agat, a Ghoiridh!

Tharla an rud céanna i mí Marta nuair a bhí rang Gaeilge againn le chéile ag an ollscoil. Bhí Anna 's mé féin san ard rang le chéile- páiste sé bhliana d'aois agus a máthair. Bhí na daltaí go léir eile
ag freastal an ollscoil. Bhí siad sna ficheadaí, agus bhí Anna i bhfad níos fearr ná siadsan! Bhí an-ionadh uirthi faoi! Bhí sé iontach grannmhar di, a bheith réidh leis an freagra ar gach ceist, agus gach duine eile ag folú ón múinteóir nuair a chuir sí ceist. Bhí mé an-brodúil aisti, go mór mór mar bhí sí néirbhíseach ar dtús. Bhí sí muiníneach ag an déireadh!

Abhar eile, a Léitheóirí, má tá aon duine fós ann : tá mé ag smaoineamh faoi scolaíocht bhaile. Céard a cheapann sibhse?

An bhfuil smaointe agat ar an abhar sin?

Dar ndóigh, beidh Gaeilge san áireamh inár gcuid abhair. An fhírinne a rá, sin fath mór don smaoineamh.

An bhfuil aon moladh agaibh maidir le leabhar 's achmhainn eile? Is féidir linn na leabhar atá agam cheana féin a úsáid, ach bheadh achmhainn beartaithe do pháistí níos fearr is dóigh liom. Tá Buntús Cainte agus Teach Yourself Irish agam. Feicfidh mé ar litriocht, ach is fadhb mór é an t-airgead. Tá an-suim agam in aon achmhainn úsáidte atá agaibhse! Inis dom fúthu!