Thursday, September 18, 2008

Gaeilge Anna

I rith ag foghlaim, ag sú, uaireanta déanann sí rudaí greannmhar, as Béarla agus Gaeilge.
Ní dhearna sí aon lenition ar bith go dtí cúpla mí ó shin. Déireann sí anois 's arís iad anois, ach níl san áit ceart i gcónaí. Bhí sí ag rá arís abairt gur chuala sí ar taifeadadh againn, "An-deas a PJ!", ach dúirt sise, "An-deas a PhíJ!"
Ach, déireann sí "mo seomra" an t-am ar fad.

Tiocfaidh an bhealach ceart, tá fhios agam, sa slí céanna go fasann a cuid Béarla níos fearr. Tá sí ag foghlaim níos mó gach lá. Tá suil agam go raibh sin fíor fúmsa!

Ní dúirt Niaimhín focal amháin ar bith fós, agus rinne mé dearmad go tuigeann sí séard atá mise ag rá léi. Inniu, rinne sí praiseach uafasach lena lón, mar atá de nós aici a dhéanamh, agus nuair a chas mé timpeall í a fheiceáil agus dúirt mé, "Féach ort!!" Lig sí gáire mór uaithi. :) Thuig sí!

Muirneach! Níl aon rud chomh spesialta agus lách na leanaí.

Ní cuimhin liom ma dúirt mé cheana é seo, ach tá Anna i ngrá le cúpla amhrán, 's amhránaí. Donal agus Mórag, ó Altan, agus Bog Braon ó Iarla O Lionaird. Chonaic muid Iarla ar Youtube agus anois, tá orm é a thaispeán di gach eile lá. An scéal céanna le Altan, is breá léi an amhráin sin. Tagaim léi, in fhirinne. Tá tuirim maith aici!

Thursday, September 11, 2008

Céim nua

Thosaigh Anna ag úsáid i bhfad níos mó Gaeilge inné agus arú inné! Níor chreid mé na habairtí ag teacht as a béal! Yay! Ní dúirt sí ach cúpla focal as Béarla i rith an lae. Hallelujah! Dochas. Misneach, cinnte, a Aonghus. :)
Bhí sceitiminí orm. Bhí orm an scéal a roinn le duineicínt. Ba bhreá liom níos mó a scríobh ach... am saor... tá sé daor!