Friday, November 9, 2012

A Ghaeilge, cá bhfuil tú?

a Chairde,
Faoistíní duit anocht.
Tá ár nGaeilge sa leithreas. Tá mé chomh náirithe.
Ní raibh comhrá mhaith amháin againn i míosa anois. Aithrím go mbeidh mé ag tosú ag an tús arís má tosnaím  i gceart.
Tá mé ag smaoineamh faoi scriosaracht an tuairisc "raise my children to be bilingual with Irish Gaelic" de mo bhlag, an jab chomh uafasach atá déanta agam. Níl mé ag iarraidh maíomh mícheart nó meabhlú a dhéanamh.

B'fhéidir go ndéanfaidh mé iarracht níos mó scríobhneóireacht ag déanamh anseo mar cleachtu dom. Gan duine ag comhrá liom, nó 'ag rith liom' mar a déarfá, tá teip orm.
Feicfidh muid, a chairde. Níl fhios agam cén chaoi á dhéanamh.
Focal ar fhocal, is dócha. Cuir isteach frása anseo 's ansin agus mé in ann, agus céim ar chéim, tiocfaidh muid ar ais dó. Níl fhios agam céard a tharla, ach níl sé ar aghaidh m'intinn. Caithfidh mé iarracht d'aon ghnó a dhéanamh á úsáid na laethanta seo- is fíor obair intinne é.  Ní raibh sé mar sin bliana eile - bhí an fonn chomh laidir orm, bhí an Ghaeilge sa chéad deich rudaí in m'intinn.

Ar aon chaoi, seo mé, ag céim amach, ag déanamh rud eicínt sa teanga álainn seo.
Seo mo dhícheall anocht - an uair is faide a chaith mé as Gaeilge le tamaill náireach fada anois.

Ach maidir leis an scolaíocht bhaile- tá muid ag dul chun cinn go hálainn. Maidir le gach rud eile tá rudaí ag teacht go hálainn. Tá sláinte mhaith ag achuile dhuine, (buíochas le Dia!), tá muid cairdiúil le chéile. :) Is breá liom an scolaíocht bhaile, agus is dóigh liom gur bhreá le na gcailíní freisin é. Thosaigh Niamh an bhlian seo, agus tá sí ag tosnú ag léimh go maith, agus ag cur uimhreacha le chéile. Tá sé corraitheach í a fheiceáil ag léamh a chéad focail.


Lá amháin an samhradh seo, rinne muid níos fearr agus muid ag an Highland Village, in Iona, Cape Breton. (Tá turas google ann ar an suíomh - féach ar!) Áit do-chreidte álainn mar atá so-fheicthe sa bpictiúir seo. Tá Gaidhlig ag an cuid is mó de na dhaoine ansin, agus na hamhránaí Gaidhlig is fearr ar an oileán, nó sa tradisiúin, atá ann. Bhí an eagla orm amhráin a chanadh dóibhsan, nuair a chuir siad orm amhráin Gaeilge a chasadh dóibh. Chán mé Cúnla

Muise- sin é anocht. Am codlata.

Beannachtaí libh.
Feicfidh muid a chéile arís anseo, le cúnamh Dé.