Monday, August 16, 2010

Ceol do mo Chluasa


Juicy Juicy!!!

Cheap mé go dúirt sí

, ach ní dúírt.

Gaeilge Niamh atá le plé agam-
Bhí sí ag béacaíl, agus níor thuig mé, ach chuala mé "Juicy!! Juicy!!"
Is é a bhí i gceist aici ná "Dúisigh! Dúisigh!"
Tá mé ag foghlaim gach lá í a thuiscint níos fearr, an cailín bheag 's a cuid Gaeilge briste breá. Níl a cuid Béarla níos fearr mar sin féin, tuigeann tú.

Cuireann sí an litir N ar chuid mór focal le guta ar déireadh-
hata > hatan
cóta > cótan
bríste > brísten

Cloisim "Ba mhaith mé iógurt," agus "tá mé ocras orm." Tiocfaidh an gramadach ceart. Tá mé lán sasta focal Gaeilge ar bith a chloisim aisti! Tá rudaí diffriúil di-se, mar tá beirt "Gaeilgeóirí" aici ina saol- ní raibh ach mé féin ag Anna - ach cloiseann Niamh mé féin agus Anna - 's anois, ceapann sí go dtuigeann gach duine Gaeilge. Ó am go h-am tá sí trí chéile lena seanmháthair 's nach dtuigeann sí í. Úsáideann sí Gaeilge léi agus ní thuigeann sí cén fath nach dtuigeann a seanmháthair í. Bhí fhios ag Anna i gcónaí cén teanga a úsáid le daoine éagsúla, ach níl fhios maith ag Niamh. Bhí sé an-soléir d'Anna go raibh teanga diffriúil i gceist agus na suite diffriúil gur ceart dóibh. Ní mar sin le Niamh bocht. Níl sí ach trí bliana fós; níl eagla orm faoi. Tiocfaidh sé sin freisin!

Bhí sceitimíní orm anocht, mar thosaigh Anna 's mé féin ag obair le Buntús Cainte le chéile. Rinne sí an chéad trí ceachtanna! Léigh sí iad! Bhain sí sult as na pictiúirí seafóídeach (mise freisin- híhí) ach bhí ionadh orm a í chloisteáil ag léamh an Ghaeilge! Ós rud é go raibh sé greannmhar le na pictiúirí, ní hé obair a bhí ann di - bhí sport ann! Foirfe! Go raibh míle maith agat, a Ghreann! agus Gael Linn.

Rud eile ag cur aoibh sona orm - ag cloisteáil Niamh, leis an glór óg sin, ag canadh Ím Bím Babaró, Lámh Lámh Eile, agus An bhFaca Tú Mo Sheamaisín liom!
Fuaim alainn do mo chluasa!!

Thit Anna i ngrá le 'Sé an Trua nach Mise Bean Pháidín nuair a chonaic sí an taispeántas Anam an Amhrán ar TG4. Canann sí go minic é, lena n-áirítear ar thuras lena seantuismitheóirí - chan sí do na daoine eile ag an pairc campála, ag cur ar fáil an aistriúchán agus achoimre plota as Béarla! Bhí siad an-tágtha léi, dar ndóigh.

Cé nach bhfuil ach dhá seachtain againn fagtha sular a tosnaíonn scoil arís, tá muid ag dul chun cinn leis an nGaeilge. B'fhéidir go bhfuil sé mall ag teacht, ach is maith é aon feabhsú ar bith.

Seo muide i ndiadh eaglais an seachtain seo chaite.