Tuesday, October 5, 2010

Múinteóir atá Aosta Sé bhliana?

Is í! Mo Anna bheag, cúig nóiméad ó shin, chuala mé í sa ngarraí in aice linn ag sugradh le na páistí comharsana mar is dual dóibh. Ach inniu, ní raibh banphrionsa an ábhar an lae, (faoi dhérieadh!) ach Gaeilge! Bhí sí ag múineadh na páistí eile cén chaoi a chomhaireamh go dtí a deich. " A h-aon, a dó, a trí, a ceathair..." chuala mé arís agus arís eile. Ar fheabhas!

Bheadh sé go iontach dá dtosódh sí a bheith bródúil as an nGaeilge in ionad náirithe, dá dtuigeadh sí cé chomh speisialta atá sí 's a deirfiúr óga a bheith tógáil leis an nGaeilge.