Wednesday, December 16, 2009

Achoimre mí Deireadh Fomhair 's Samhna

Tá dhá mhí caite ón uair déireadh gur scríobh mé ann anseo. Thosaigh Anna, m'iníon is sine ag freastal scoile, 's d'aithrigh sé gach uile rud: rudaí maith 's rudaí níos deacraí. Bhain don Gheailge buille mór nuair a thosaigh Anna ag caitheamh an lae in áit lan Béarla. Níor dóigh liom go mbeadh saol an tí chomh diffriúil mar atá sé. Ní féidir liom a rá cén fath go raibh deacreachtaí agam Gaeilge a úsáid nuair a bhí mé níos gnothach, 's ag fás cleachtú le sceidéal nua, ach bhí. D'fhás mé uafasach mí-ríalta leis nuair a bhí roinnt ama gearr agam léi: uair sular a dtosnaíonn scoil, uair sos i ndiadh scoile do sneaic, am suipéar, agus uair ag am codlata. Go deimhin, tá sach am ann, ach gearrtha i bpiosaí bíodacha, tá sé níos deacair sreabhadh a fháil. Bhí Anna gan suim i nGaeilge freisin, nuair atá gach aon duine ina saol seachas mise ag labhairt Béarla léi. Measaim go bhfuil sé nádúrtha a bheith praiticiúil, 's nach bhfeiceann sí úsáid uirthi (an Ghaeilge), si cuma léi faoi.
Ní raibh Niamh ag úsáid mórán focal Gaeilge agus do fath éigin amadach, bhí eagla orm á úsáid léi. Tá mé criothnaithe ag smaoineamh mar sin! Tá fhios agam go maith gur féidir léi seacht teanga a fhoghlaim i gcomhthráth; ní bheidh trioblóid aici le dhá teanga. Ach cé go raibh sí chomh diffriúil na Anna, ag teacht chun teanga níos moille, tháinig faitíos orm.

Bhí cúpla seachtain ann, tá naire orm a rá, go raibh mé réidh á éirí as. Cheap mé go raibh an broinglóid gan dóchas, dairíre. Ní chreidim go raibh sé chomh dona sin, ach bhí.
Agus níl a fhios agam cén fath a bhfuil an infheistíocht tochtmhar seo agam sa teanga seo, ach tá! Nuair atá teip orm maidir leis na teanga, téim faoi bhrón! Níl fath ann dó go fírinneach. Níl aon duine ag tabhairt airgead dom an teanga a labhairt. Is cuma le gach duine seachas mé féin. Ní bheidh fearg ar aon duine má stopann mé. Ní bheidh athas ar aon duine mé coinnim. Ní bheidh duais agam má tá saghas éacht agam leis. Ach tá an brionglóid craiceáilte seo i mo chroí, agus creidim gur chur Dia ann é.

I ndéireadh, tá athas orm a rá anocht go raibh lá lan le Gaeilge againn anseo inniú, agus dá mbeadh tú anseo linn, rachadh tú i bhfeidhm orainn. B'fhéidir, mura criticeoir gramadach tú.

Léigh mé alt áit éigin go dúirt nach foghlaimíonn paistí focal as teilifis. Bhí argóint acu go raibh comhrá beo le duine beo os a gcomhair an slí is fearr dóibh agus níor fasann a stór focal ag faire teilifis nó fiseán mar sin. Cé go tagaim leo nach ionadaí é teilifis, níl ceist ann go bhfuil duine beo i bhfad níos fearr, agus in fhirinne, ní cosantóir teilifis mé in aon chór go hiondiúil, feicim le mo shuile 's cluasa féin go foghlaimíonn Anna ón cartún ar TG4! Tá mé ag tabhairt uair screen time di mar sos 's duais tar éis a obair bhaile, agus i gcónaí, tá Horseland uathi! Níl mé i ngrá le gach duine air, ach is maith léi é, agus d'fhoghlaim sí trí focal as inniu! Níl mise ag gearan!

Muise, céard a chaill muid an dá mí seo chaite? Caithfidh muid teannadh le chéile.
Oíche Shamhna...
Bhí banphrionsa agus Bóin Dé againn an bhliain seo. Bhí Anna ag iarraidh a bheith Calypso as Horseland, ach ag deireadh an lae, ba banphrionsa í arís.

Ach fuair muid rud eile mar bharr ar milseáin. Nuair a tháinig muid abhaile ón milseáin bailiúchán, bhí puiscín ann in éineacht linn!



Nora is ainm di. Tá sí ag éirí go maith linn, ina cónaí sa scioból, ag breith ar luch, ag dul sa tóir ar Niamh, 's ag glacadh néal codlata ó am go hám ar ár ngluine.
Is puisín deas í, agus breisiú breá don ár teaghlach beag.






Má bhí tú ag léamh an t-Earrach seo chaite, b'fhéidir gur cuimhin leat an Bouli 's Sibelín go ndearna mé as cré. Bhuel, bhí fhios agam nach raibh siad do-briste, ach aililiú, níl mórán fagtha díobh anois!

Tá Sibelín gan sron, eireaball capaill, cos amháin, géag ar bith, cluas amháin, 's leath sciorta.
Saol garbh doiligh aici.
Cailín bocht.

Ach féach ar an cuma sasta atá fós uirthi!
Tá ceacht ann dúinn go léir. ☺