Monday, September 5, 2011

Rinne muid é

Thosaigh muid ag déanamh scolaíocht bhaile - inniu.


Seo Anna ag an gclár dubh ag lig uirthi gur múinteóir í don ghrianghraf.

Míle fath don cinneadh, ach cinnte gur í an Ghaeilge ceann díobh.
Tháinig maith air. Thaitin sé le hAnna, 's mé féin freisin.
Niamihín... bhuel, scéal eile fuithi. Bhí sí ceart go leor ar dtús, ach tar éis uair gu leith, bhí sí crosta nach raibh cliuche i gceist, agus a turnsa a bheith ina mhúinteóir.
Tá mé ag tnúth le na seachtaine ag teacht. Is an-dalta í Anna. Is breá léi foghlaim.

Níl cliú ar bith agam cad atá ag tarlú i bhur saolta, is oth liom a rá, mar ní raibh mé ag léamh an rolla blagáilaithe le míosa anuas. Mar a bhíonn gach bliain, táim gnóthach ag seinm céilithe dhá nó trí uair sa seachtain ar feadh na míosa te samhraidh. Beidh mé críochnaithe leis an séasúr seo ag déireadh mí Fomhar, réidh don bliantúil geimhriúchán nuair tógann an fhidilín bocht a háit maisiúil ar an mballa, déanaim dearmad faoin ochtó céatadán de mo stór foinn, agus éiríonn mo lamha docht.
Sin slí an saoil na laethanta seo.

Buailfidh muid na leabhar mar sin, agus b'fhéidir go mbeidh céilíthe beaga againn féin in ár dteachín. Níl aon céilí mar do chéilí féin, b'fhéidir, in aice le do thinteán féin.