Wednesday, June 3, 2009

Brontannas mór agus beag

Bhuel, rinne sé é, an teachín do na paistí. Nach deas an jab a rinne sé! Tá sé fós ar folamh laistigh, ach cuirfidh muid rudeicínt ann dóibh.


Bhí mise cruthaitheach faoi láthair freisin. Bhí lá breithe Niaimhín cúpla lá ó shin (dhá bhlian d'aois) agus rinne mé Bouli agus Sibelín di as cré. Dá mbeadh deich scannáin Bouli ann, bheadh siad againn. Is aoibhinn léi Bouli, mo léan, tá sí i ngreim aige, agus bhí fhios agam gur thaitneadh babóga Bouli léi. Agus bhí an ceart agam, ba bhreá léi iad. Bhí aoibh alainn ionadh uirthi nuair a chonaic sí iad an chéad uair.



Gabh leithscéal as an grianghraf cáilíocht bocht.

Tá mé brodúil asaibh, ní dhearna mé dealbhóireacht ariamh roimhe, mar sin de, ní raibh mé cinnte gurbh fhéidir liom iad a dhéanamh, ach cheap mé, is fir an sneachta iad, cé chomh deacair atá sé sin, liathróid mór bána ag caitheamh hata? Agus má tá siad uafasach, níl Niamh ach óg fós, agus níor cuma liom nuair atá steig meig 's smidiríní déanta díobh.

Na paistí díobhálach sin, mar sin féin, chuir siad amach fuinneog doirse an tí inniu ag caitheamh cloch, agus an chéad lá i ndiadh lá breithe Niamh, chaill Sibelín a ceann agus a cluas deis agus chaill Bouli a ghéag clé. Bhí fhios agam go mbeadh siad briste faoi dhéireadh, ach chomh luath seo? Ar aon nós, dheisigh muid iad le cuid gliú, beidh siad ceart go leor go luath.

Caithfidh mé níos mó a dhéanamh, mar tá siad ag troid futhu. Cén Bouli eile anois? Bouli Báid, Bouli Punk, Bouli Daide, Bouli Ní 's Bouli Ná? Céard a cheapann túsa?