Tuesday, March 17, 2009

Ag Bailiú Nirt

Bíonn gach tosach lag.

Ach tá muid ag bailiú nirt. ☺

Tá misneach orm arís, cé go raibh rudaí mall ar feadh scaitheamh, tá muid ar ais arís. Bhí mise ag déanamh iontach maith ag úsáid an Gaeilge, má tá cead agam a rá fúm féin, ach bhí Anna stucailte i dTír na Béarlóir. Anois, tar éis maratón Bouli, agus gan focal Béarla ar bith asam, tá Anna ag sugradh as Gaeilge, ag comhrá liom, ar feadh an lae as. Tá mé lan sasta.


Wút wút!

Fiú gur thosaigh sí ag déanamh botún inniú, ag úsáid Gaeilge le Daide (níl Gaeilge aige), agus ní dhearna sí sin ariamh roimhe. Roimh inniú, d'úsáid sí an teanga ceart le daoine diffriúil i gcónaí gan botún amháin, ach an trathnóna seo agus aréir, bhí sé soiléir go raibh sí ag smaoineamh as Gaeilge go hiomlán. An-suimiúil dom. Dúirt sí rudeicint leis, agus ar ndóigh, níor thuig sé focal ar bith, seachas go raibh Gaeilge i gceist, agus bhí ormsa a aistriú.

Baineann sí an-sult as amhránaí maith. Agus go contrártha, is fuath léi amhránaí dona.
B'fhéidir go bhfuil sí i ngrá le Iarla bocht, mar a dúirt mé cheana is dócha. Cupla la o shin chuir si ceist orm, "An feidir linn cuireadh a thabhairt do Iarla chun suipéir a ithe linn?"
Fiafraionn sí an ceist sin go minic.
Cúpla lá i ndiadh sin: "Cá bhfuil sé?"
"Cén duine?"
"Iarla."
"Anois? Níl a fhios agam. "
"NO... Cá bhfuil sé ina chonaí?" Bhí sé soiléir go raibh mé ag cur isteach uirthi.
"Níl fhios agam. Níor bhuail mé leis ariamh roimhe!"

(Tá suil agam go bhfuil fhios agaibh nach bhfuil mise starstruck no aon rud! Dairire!)

Sin é anois. Tá tuirse mór ar mo thóinín bán.