Wednesday, July 2, 2008

Faoistiní

Cúpla rudaí aite fúmsa.

Tá mé chomh amaideach, shábháil mé bosca gallúnach níochán go cheannaigh mé deich mbliana ó shin in Éirinn. Cén ócáid spesialta atá mé ag fanacht leis? An bhfuil an gallúnach sin speisialta? Domsa, tá. Is breá liom an boladh ann. Mmmm... Dúirt tuilleadh daoine go bhfuil boladh maith orm nuair a d'úsáid mé é! Tá sé fós agam.

Amaideach ar fad.

Rud amháin go cuireann sceitimíní orm anois agus tá beirt inion agam: is féidir liom modh ordaitheach iolra a úsáid anois! Agus cén fath a bhfuil sin suimiúil dom? Ceapaim go bhfuil sé glic a rá, bígí, stopaigí, taraigí, etc., go bhfuil cuma mhaith orthu. Nuair a bhí mé fós ag iompar Niamh, bhí mé ag smaoineamh, "O! Tar éis tamaillín, beidh orm bígí a rá!"

Seafóideach.

Ní dúirt mé ariamh gur thainig mé i méadaíocht nó sofaisticiúil fós.