Friday, October 26, 2007

nach cliste atá mé

D'fhreagair mé mo cheist féin. Chuardaigh me ar Google: blog as Gaeilge. Cén fath nach ndearna mé é sin riamh cheana? Intinn mall.

Fuair mé nios mo blaganna ná's féidir liom léimh. Ní thuigim siad, muise, ach tá siad ann dom. Ní thuigim moran. Tá sé beagnach gruama, in fhírinne. An cuid is mó a chloisim ar R na G, a fheicim ar TG4, nó anois, léifidh mé sa blaganna, ní féidir liom thuiscint. Tá mo chuid Gaeilge ro lag agus ro bheag.

ACH - bhí ionadh orm go bhfuil go leor focal Béarla le chloisint fós ar TG4. Bhí mé ag faire Paisean Faisean (na bac) ach bhí siad ag rá "na lads" i gcónaí, agus rudaí mar sin. B'fhéidir go bhfuil sé níos faiseanta a rá na 'na buachaillí." Níl cliú agam. Níl mo mhéar ar cuisle na Gaeilgeoirí óga. Fosta, cloisim "fair play duit," 's cupla abairt eile.

Beidh cotadh orm má leann aon duine eile mo bhlag anois... níl mé ag plé síocháin an domhain, nó polataíocht- níl ann ach na rudaí atá ag tharla i mo chistin gach lá agus mo chlainn go hairithe.
Oh bhuel!

Gabh mo leithsceal mar bhí mé ag gearran post déireadh, agus tá mé beagnach self-deprecating an uair seo. Beidh athas ar ais orm an chéad uair eile.

1 comment:

Anonymous said...

A Shinéad, a stóirín -
Fuair mé do theachtaireachtaí - tá brón ormsa nach bhfuil mé sa mbaile go minic. Ach táim ag smaoineamh fútsa agus do bheirt chailín álainn. Beidh muid ag caint ar ball - táim ag bogadh go arasán nua, agus beidh deireadh seachtaine Gaeilge againne an d/s seo.
Tá súil agam go bhfuil tú go maith, a stóirín.

Le grá,
Rath