Thursday, December 13, 2007

ar muin na muice

Sin an áit atá mé!

BHUEL, tar éis cúpla seachtain a chloisint, "I don't like Irish," ó Anna, agus mé fágtha i bhFarraige na Deaoraí, thosaigh sí á úsáid go fánach. Bíonn páistí guagach. Níl agam ach ag gáire faoi. Anois, cloisim cúpla abairt ceart gach lá (abairt! smaoinigh!). Cuireann sé sin aoibh orm, 's féidir leat a bheith cinnte. Agus cuireann sé ionadh orm gach uair a úsáideann sí é. Whoa! Ar chuala me ceart?!?! An dúirt tú é sin? Dairíre píre??
Agus freagraíonn sí, "Dairíre."

Agus tosnaíonn na aingeal ag canadh...

Agus tá sé ag tosnú a bhreathrú ar nós Nollaig... sneachta ar an talamh, solais geal Nollaig, crann álainn Nollaig, scéal Nollaig, ceol Nollaig, brioscaí blasta Nollaig, cistí deasa Nollaig, agus miongháire ar gach béal. 's súil. Cuireann paistí áthas níos mó ar an séasúr Nollaig. In fhírinne, tá mé craiceáilte, tá áthas chomh mór orm. Tá mé ag damhsa timpeall an tí, ag canadh ar nós amadán, agus na cailiní ag gaire fúm. Bheadh an radharc granmhar, mura bhféidir le aon duine é a fheiceáil. Ni fhaca sibh a leithid riamh.
Seo muide an seachtain seo chaite ag maisiú an crann 's tí. Spraoiúil! Ina phraiseach, ach álainn nuair a tá tú críochnaithe.

Rud eile a chur aoibh orm, 's ní rud beag é ar chór ar bith: Fuair mé cúpla bronntanas cheana féin. Bronntanas iontach. Tá cara agam, chomh fial 's ní chreidim í. Níl cara mar sin tuillte agam. Fuair sí beagnach aon déag nó dódhéag leabhar Gaeilge dom, 's do m'iníon! Cén fath? Ní féidir liom a rá, ach tá mé chomh buíoch astu, agus aisti.

Go raibh maith agat, a Stór.

4 comments:

Séamas Poncán said...
This comment has been removed by the author.
Séamas Poncán said...

Treise libh, agus Nollaig mhaith agaibh. Máthair an Ghaelachais, déarfainn. Ar mhiste leat má cheartaím cúpla botún duit? Mar shampla, smaoinigh ar 'ar nós na gaoithe,' agus feicfidh tú cúpla atá ann.

Anonymous said...

Maith thú, a Mhamaí,

Go n-éirí leat!

Ruadh Ó Gliasáin

www.geocities.com/royruadh/gaeilge_amhain

Anonymous said...

Interesting to know.