Thursday, September 11, 2008

Céim nua

Thosaigh Anna ag úsáid i bhfad níos mó Gaeilge inné agus arú inné! Níor chreid mé na habairtí ag teacht as a béal! Yay! Ní dúirt sí ach cúpla focal as Béarla i rith an lae. Hallelujah! Dochas. Misneach, cinnte, a Aonghus. :)
Bhí sceitiminí orm. Bhí orm an scéal a roinn le duineicínt. Ba bhreá liom níos mó a scríobh ach... am saor... tá sé daor!

1 comment:

Rath said...

Scéal iontach, a stór -
"De réir a chéile a thógtar na caisleáin"

Labhróidh mé leat go luath - Rath