Friday, February 6, 2009

Blas an Mí

Dúirt mé leat faoin glór diffriúil a dheanaim nuair atá mé ag spraoi le Anna. Labhraim, as Gaeilge, cosúil le Eddie Murphy nuair atá mé Donkey, ón scannáin Shrek, nó Shrek fein. Go hiondiúil tá blas Béal Feirste orm, ag deanamh jab dona mar Shrek bocht.

Bhuel, fuair muid scannain nua ag Nollaig o mo chara: Ratatouille. O tá fhios agat cheana féin. Blas Fraincis ar mo Ghaeilge. Nach suimiúil an teach seo! Ait, ar aon nós. Déanaim iarracht, ach níl Gaeltacht againn ar chor ar bith. Tá súil agam gurbh fhéidir le Gaeilgeóir duchais muid a thuiscint, tar éis bliana gan aon Gaeilgeóirí inár saol. Sainchor deacair againn.

In fhirinne, tá Anna mífhoighneach leis an nGaeilge arís. Tar éis Nollaig, agus an cuid am is mó caite leis an teaghlach mór, daoine nach bhfuil aon Gaeilge leo, ní raibh muid á úsáid chomh minic 's ba chóir dúinn.

Agus cuid beag greann leithreas...
Tá leabhar againn, darbh ainm Degas agus an Damhsoir Beag.
Tá bailiríne ann, Marie. Thosaigh sí ag freastal scoil bhailé, agus bhí sí ag dul chun cinn go maith, ach tar éis fadhb slainte ina teaghlach, ní raibh a ndóthain airgead acu don ranganna bailé. 

Dúirt an seanmhúinteóir lei, "...mura mbíonn ranganna gach lá agat beidh orm an pháirt mhór a thabhairt do duine éigin eile."

Thosaigh Anna ag gáire. Níor thuig mé. Cén fath a bhfuil sin greannmhar duit?
Deir si agus fós ag gáire, "Pháirt? pháirt mhór? Cén fath a bhfuil sé ag thabhairt pháirt do dhuineicínt? Nach tuthóg é sin?" 
Tar éis mo gháire féin, bhí orm míniú di, agus gach uair a léimid é, arís 's arís eile. 
B'fhéidir gurbh cóir duit a bheith ann.

No comments: