Thursday, September 17, 2009

Ná caill an bus!

Thosaigh Anna ag freastal scoil an bhliain seo. Cár imigh an t-am? Is breá léi é. Bhí sceitimíní uirthi á thosú agus d'aithrigh a clog inmheánach cheana! Tá sí ina seasamh go moch ar maidin ina aonar go hiondiúil anois. Níl orm í a dhúiseacht. Is cailín an-cairdiúil í, agus is breá léi ag caint 's ag sugradh le na paistí eile.
Ach dar léi, foghlaimíonn sí na rudaí céanna gach lá. Tá an comhrá céanna againn gach trathnona.
"Céard a fhoghlaim tú inniu?"
"An rud céanna mar inné."

Tá sí ag marcaíocht ar an mbus gach lá, agus tá siúl fada againn an bus a fháil freisin. Tuigim go bhfuil achar níos foide ag duine éigin, ach mo léan, ar an cnoc seo? Agus sa bhaisteach, sa gheimhreadh, ag siúl le beirt phaiste beaga i troithe sneachta? Níl sceitimíní orm faoi. Chuir mé pictiúr den cnoc ar an mblag an samhradh seo chaite: ach ní sa griangraf ach an deireadh ; nuair atá muid ag an áit sin, tá muid tar éis ag siul sé nóiméad. Agus ar ndóigh, ní hé an bhealach síos é an fadhb: ach ag teacht anuas aríst!

Niamhín bocht, bíonn sí ag iarraidh dul le hAnna ar an mbus. I gceann cúpla bliain gearr, rachaidh, mo Stór. Tiocfaidh an lá go mbeidh tú tinn tuirseach leis!
--------------------
Is mian liom gur tosnódh Anna an cluiche seo arís, mar tá an fhoirm 's freagra mícheart aici leath chuid den am anois. Tá mé ag déanamh mo dhícheall Gaeilge a úsáid go heisiach san oíche ó mbíonn sí in áit Béarla ar feadh an lae anois. Níl sí ag déanamh ro-dona ag labhairt Gaeilge liom, tá sé beagáinín nádúrtha di, ach caithfidh mé a bheith an-dícheallach go fasfaidh sí níos laidire agus féinmhuiníneach leis.
------------
Is é lá daor againn inniu, agus níl sé ach a h-ocht a chlog ar maidin fós! Rug Niamh ar mo ríomhaire glúine a bhí ar bhord agus mé ag cur amach an bruscair. Thit sé ar an úrlár, agus tá bloscadh bainte as an scáileán, díreach ó thaobh amháin gon taobh eile, ó coirnéal go coirnéal. Is cuma léi, ach bainneann sé go mór le m'fhear chéile 's mé féin! Míle dollar, imithe i nóiméad, ach coicís oibre go hiomlán ag teacht. Sin an slí! Feicim na súile móra gorma sin ag féachaint orm go neamhchiontach, agus coinneann sí ar a bealach chun chéad rud eile. Ní raibh mé crosta léi - cén chaoi go bhféadainn a bheith? Ní thuigeann sí cúrsaí airgid, nó an ciall idir saor agus daor. Tá siad díreach mar a chéile dar léi!

An leigheas? Ullmhaigh pota tae nua. Le cupán te i do lámh, tá radharc níos fearr den domhain agat. ☺

5 comments:

John M O Donoghue said...

Comhghairdeas as an Ghaeilge a labhairt do na paistí.An de bunaidh na hÉireann tú?

Mise Áine said...

Maith thú, a Jennifer! Tá ag éirí go hiontach leat.

Jennifer said...

Go raibh maith agaibh, Aine, agus John do bhur aiseolas!

scrios me an comment deireadh mar rinne me botun ann 's sular feidir liom ceann nua a scriobh, fuair mo riomhaire bas. Mar sin, ta me ar ais aris anois-

mura chonaic tu an chead freagra, seo e :
Is as Meiricea me o dhuchais, i mo chonai anois i gCeanada. Bhi me in Eirinn deich mbliana o shin, ar feadh dha mhi. D'fhan me i gConamara mi amhain le teaghlach, ag foghlaim Gaeilge.
Sin mo sceailin!

Séamas Poncán said...

Ar cheap tú riamh ar alt a scríobh dúinn, a chara? Bheadh suim ag ár léitheoirí i bhur saol san áit iargúlta Ghaelach sin, ceapaim!

http://angaelmagazine.com/treoracha.htm

Jennifer said...

B'fhéidir a Sheamais, ach bheinn an-néirbhíseach. Cén abhar ba mhaith libh an t-alt? Scéal mo saol - go háirithe an cuid le Gaeilge ann ar ndóigh. Léigh mé na treoracha... ach tá cotadh fós orm, go mór mór faoi mo gramadach lag bunúsach 's stór focal beag. Ní aithrím réidh chun alt a scríobh!