Wednesday, February 24, 2010

Ó bun go barr, Gaeilge do chách!

Is maith lenár cat creacailte TG4. Cúla 4 a bheith specificiúil.
Sa ghrianghraf seo, tá Nora an Cat ag faire Tum Ollie Tum le Niamh.
Moncaithe. : )

Ba é sin an t-aon uair amháin gurbh fhéidir leo fanacht in aice le chéile gan troid.



Bfhéidir go tosnóidh sí a rá, "Miú" in ionad "meow" anois, meas tú?

Bhuel! Is maith liom a bheith le rá agam gur thosaigh Niamh ag úsáid níos mó focail Gaeilge, agus chualatar a céad abairt Gaeilge! Bhí sí níos moille a labhairt ná Anna (Béarla agus Gaeilge), ach faoi dhéireadh, tá briathar Gaeilge le chloisteáil as a béal. Níl a fhios agam má tá sé mar seo le paistí eile, ach le mo chlainn, thosaigh siad ag cur isteach ainmfhocal i bhfad níos easca agus luath ná na briathar. Mar sin, bhí fhios agam go raibh céim nua i gceist againn nuair a thosaigh na briathar ag teacht freisin. Bhí sí ag dul chun cinn!

Is maith léi a bheith conspóideach. Déanann sí cluiche as.
"Tá." "Níl."
"TÁ!" NÍL!" etc.
Insíonn sí dom cén taobh den argóint atá mé sular a thosimid. : )
Déireann sí na hainimhithe: capall, bó, muc, éan, péist, lacha (mar lala), cearc
Fósta, cloisim: Oíche mhaith, codladh sámh, gráim thú, tá sé ag cur báistí/shneaca [sic], bainne, úll, leite, léine, bróga, bríste, geansaí, cóta, tine, leaba, léamh leabhar, cluidín, cnaipe, Slán!
...agus níos mó gach lá. Cuireann sé sceitimíní orm iad a chloisteáil- gach focal nua atá aici!


Anois, tá ceist agam daoibhse, a Léitheóirí:

Tá cúpla cairde eile agam atá dá-theangach, tógtha le Fraincis agus Béarla. Chaith siad cuid den am sa Fhranc agus cuid eile i gCeanada. Nuair a bhí siad sa Fhranc, agus an saol ina dtimpeall as Fraincis, d'úsáid siad Béarla sa teach. Dá réir, nuair a bhí siad i gCeanada, d'úsáid siad Fraincis amháin, mar bhí sé an-tabhachtach do na tuismitheóirí go mbeadh a gclann foirfe dá-theangach - agus tá siad. Foirfe. Iontach.

Ar aon nós, nuair a bhí siad ag iarraidh teanga amháin a chloisteáil, agus bhí an paiste ag úsáid an teanga eile, lig siad orthu nach raibh siad in ann an paiste a thuiscint, ag fanacht leo an teanga a aithriú. Tá fhios agam go raibh críochtháirge maith acu, ach tá eagla orm go gcuireadh an slí sin isteach ar na paistí, nuair atá fhios acu gan dabht gurb fhéidir leat iad a thuiscint, níl tú ach a bheith contráilte. Níl mé ag iarradh a bheith cancrán ina dtuirim.

Cad a cheapann sibhse? Rinne mé an cleas sin ar maidin agus í ag fás reidh ar scoil, agus d'aithrigh sí go Gaeilge, ach b'fhéidir an rud a chur i gcuimhne, ná déan é mar dlí - má tá siad ag streachail an focal a fháil nó rud mar sin, ná bí sotaire faoi.

Aiseolas?

2 comments:

Mise Áine said...

Beidh a fhios agat féin an chaoi is fearr le hoibriú le do pháistí féin, is dóigh liom, a Jennifer.

Sular thiontaíomar go hiomlán ar Bhéarla sa teach seo - scéal fada! - d'fhreagair mé na páistí i nGaeilge amháin, ba chuma cén teanga a labhair siad liom, ach níor lig mé orm féin riamh nár thuig mé iad nuair a labhair siad i mBéarla - ní dóigh liom go bhféadfainn é sin a dhéanamh, fiú sa lá atá inniu ann...:-)

Bhí sé de nós acu Béarla a labhairt lena n-athair, agus Gaeilge a labhairt liomsa, gan stró ar bith orthu. Ach, sin muidne!

Anonymous said...

Is breá liom an peictiúr seo !! Agus is iontach an scéal go bhfuil Niamh ag déanamh úsáid as cúpla focal anois. B'fhéidir go bhfuil seans agam caint léi ar an bhfón lá éigin.

Agus aontaím le hÁine, thuas. Tá a fhios 'ad an slí is fearr dod pháistí féin. Bí ag caint as Gaeilge leo, agus na bí buartha faoin teanga a labraíonn siadsan.