Friday, July 23, 2010

Ar Ais Arís

Tá míle scéal agam, ach níl míle nóiméad le scríobh agam.

Chuaigh mé agus Anna go Kansas City faoi dhéireadh! (Is é Kansas City mo bhaile dúchais.)
B'in ár gcéad thuras ina saol. Ba ghearr go mbeadh ocht mbliana caite ón uair déireadh go raibh mise ann. Ro-fhada, i mo thuraim féin!

Bhí Anna in ann bhuail lena huncail don chéad uair, agus go leor teaghlach eile. Bhí sé thar barr. Thar barr ar fad. Bhain an bheirt againn an-an-sult as. Ba bhreá le hAnna an cathair. Ní fhaca sí cathair chomh mór le sin ariamh roimhe. Bhain sí an-sult as an Country Club Plaza. Mise freisin! Tá sé go halainn, agus an bia chomh maith. Tá cuid maith bialann breá ann. Thaitin na fuarán léi.

Bhí droch-mhisneach orm arís faoin Gaeilge. (tá fhios agam - lá nua, sean-scéal céanna). Níl suim ag Anna sa teanga. Tá sí gnothach lena cairde (cheana féin?! agus í fós chomh óg!) agus má déanann siadsan é, tá sé támh. Ach ní labhraíonn siad Gaeilge, dar ndóigh! Níor chuala aon duine anseo faoi fiú. Ach tá cúpla abairt le cloisteáil aisti ó chúpla lá ó shin, ag féachaint TG4 níos minice. Tá sé fós ag dul mall, agus is dóigh liom nach mbeidh sé mar a cheap mé ar dtús. Bhí aisling agam le gach duine i mo theach ag labhairt Gaeilge le chéile. Ní tharlionn sé, agus chuala mé an faoistín uaithi, "I don't like Irish, but my mom wants me to speak it." Ouch!

Thosaigh mo cheolchoirmeacha samhraidh ag bun mí Iúil. Tá sceitimíní orm a bheith amuigh ag seinm aríst. Áirím uaim é ar feadh an geimhridh.

2 comments:

Mise Áine said...

Fáilte ar ais, a Jennifer! Is deas cloisteáil uait arís.

Beidh áthas ar Anna, amach anseo, gur labhair tú Gaeilge léi - fan go bhfeice tú...;-)

Fearn said...

Coinnigh do mhisneach, a chailín!