Tuesday, October 5, 2010

Múinteóir atá Aosta Sé bhliana?

Is í! Mo Anna bheag, cúig nóiméad ó shin, chuala mé í sa ngarraí in aice linn ag sugradh le na páistí comharsana mar is dual dóibh. Ach inniu, ní raibh banphrionsa an ábhar an lae, (faoi dhérieadh!) ach Gaeilge! Bhí sí ag múineadh na páistí eile cén chaoi a chomhaireamh go dtí a deich. " A h-aon, a dó, a trí, a ceathair..." chuala mé arís agus arís eile. Ar fheabhas!

Bheadh sé go iontach dá dtosódh sí a bheith bródúil as an nGaeilge in ionad náirithe, dá dtuigeadh sí cé chomh speisialta atá sí 's a deirfiúr óga a bheith tógáil leis an nGaeilge.

2 comments:

Mise Áine said...

@ 'Bheadh sé go iontach dá dtosódh sí a bheith bródúil as an nGaeilge in ionad náirithe,'

Tiocfaidh an lá sin! Nach bhfuil múinteoir iontach aici féin...;-)

Mise Áine said...

Jennifer,

Tá blag nua agam, agus bheinn buíoch díot ach an miseaine.blogspot a nuashonrú, agus an seoladh http://ramhaille.blogspot.com a chur isteach faoi m'ainm ag 'Nascanna', mura miste leat.

Níl mo sheanbhlag le fáil in aon áit, ó tharla é curtha faoi ghlas/mhíchumas ag Google - níl a fhios agam cén fáth - agus is ag Rámhaille a bheas mé le léamh as seo amach - más mian leat!

Bliain nua faoi mhaise, a chara.