Monday, September 5, 2011

Rinne muid é

Thosaigh muid ag déanamh scolaíocht bhaile - inniu.


Seo Anna ag an gclár dubh ag lig uirthi gur múinteóir í don ghrianghraf.

Míle fath don cinneadh, ach cinnte gur í an Ghaeilge ceann díobh.
Tháinig maith air. Thaitin sé le hAnna, 's mé féin freisin.
Niamihín... bhuel, scéal eile fuithi. Bhí sí ceart go leor ar dtús, ach tar éis uair gu leith, bhí sí crosta nach raibh cliuche i gceist, agus a turnsa a bheith ina mhúinteóir.
Tá mé ag tnúth le na seachtaine ag teacht. Is an-dalta í Anna. Is breá léi foghlaim.

Níl cliú ar bith agam cad atá ag tarlú i bhur saolta, is oth liom a rá, mar ní raibh mé ag léamh an rolla blagáilaithe le míosa anuas. Mar a bhíonn gach bliain, táim gnóthach ag seinm céilithe dhá nó trí uair sa seachtain ar feadh na míosa te samhraidh. Beidh mé críochnaithe leis an séasúr seo ag déireadh mí Fomhar, réidh don bliantúil geimhriúchán nuair tógann an fhidilín bocht a háit maisiúil ar an mballa, déanaim dearmad faoin ochtó céatadán de mo stór foinn, agus éiríonn mo lamha docht.
Sin slí an saoil na laethanta seo.

Buailfidh muid na leabhar mar sin, agus b'fhéidir go mbeidh céilíthe beaga againn féin in ár dteachín. Níl aon céilí mar do chéilí féin, b'fhéidir, in aice le do thinteán féin.

8 comments:

Seosamh Ó Riain said...

A Jennifer, a chara,
Is iriseoir mé leis an nuachtán Gaelscéal (www.gaelsceal.ie), agus ba mhaith liom alt a scríobh faoina bhfuil á dhéanamh agat ag tógáil do chuid páistí le Gaeilge agus ag cur scolaíochta orthu i gCeanada.
An féidir liom glaoch a chur ort chun labhairt leat?
Seo cúpla ceist ba mhaith liom a chur ort mar gheall ar an alt do Gaelscéal:
1. Cén fáth ar shocraigh tú ar do do chuid páistí a thógáil le Gaeilge?
2. Cén fáth ar shocraigh tú ar scolaíocht bhaile a chur ar do pháistí?
3. Céard iad na deacrachtaí is mó a fuair tú leis an dá rud thuasluaite a chur i gcrích go dtí seo?
4. An de bhunadh na hÉireann tú nó cén fáth a bhfuil suim agat féin sa Ghaeilge? Léigh mé ar do bhlag gur as Kansas ó dhúchas thú.
5. Cár fhoghlaim tú do chuid Gaeilge?
6. An bhfuil aon chabhair ar fáil sa cheantar agatsa chun scolaoícht bhaile a chur i gcrích?
7. An ag éirí go maith leat chun do chuid páistí a thógáil le Gaeilge?
8. An ag éirí go maith leat chun ar scolaíocht bhaile a chur ar do pháistí?
9. Aon eolas eile?

Míle buíochas,
Seosamh

Jennifer said...

a Sheosaimh,
Bheadh sé sin deas.
Cinnte gur toil liom cómhrá a dhéanamh leat.
An fearr leat an gúthán nó ríomhphoist? Cuir ríomhphost chugam faoi. jbowmusic ag gmail ponc c om.
Ar an nguthán, is cóir dúinn am a fháil gan páistí ag rith timpeall ag cur isteach ar an nglaoch idirnáisiúnta mas fearr leat ciúnas agus cóímhrá neamhbhriste. : )

Seosamh Ó Riain said...

Sheolas r-phost chugat a Jennifer leis na ceisteanna uile.

Beir bua!
Seosamh

Mise Áine said...

Go n-éirí leat, a Jennifer!

Ollamhollscoile said...

Hi a Jennifer,

Tháinig mé ar do bhlag le deireannas agus ba mhaith liom tréaslú leat faoin méid atá bainte amach a't. Tá mise agus mo bhean ag iarraidh teaghlach dátheangach a thógáil i bPennsylvania, agus déanann na gasúir an scolaíocht ag baile freisin (is comónta an rud í an scolaíocht bhaile i bPennsylvania). Mar sin, cuirim spéis sna smaointe atá a't. Tá blag a'm faoin dátheangachas Gaeilge-Béarla freisin. Beir beannacht agus bua!

Anonymous said...

Haigh a Jennifer,
Mise Seosamh, iriseoir le Gaelscéal, nuachtan Gaeilge seachtainiúil in Éirinn.

Bhíomar i dteagmháil lena chéile cheana faoi agallamh a dhéanamh i dtaca le páistí a thógáil aníos le Gaeilge.

An féidir linn an t-agallamh a dhéanamh an tseachtain seo - Déardaoin nó Dé hAoine 27/28.10.11?

Seol r-phost chugam leis an am is fearr chun caint leat. Is féidir liom, dár ndóigh, na ceisteanna a sheoladh chugat chomh maith.

Seosamh
Gaelscéal
Baile Ard, An Spideal, Co. na Gaillimhe, Éire

Fón: 00-353-91-897766

Seosamh Ó Riain said...

Haigh a Jennifer,
Mise Seosamh, iriseoir le Gaelscéal, nuachtan Gaeilge seachtainiúil in Éirinn.

Bhíomar i dteagmháil lena chéile cheana faoi agallamh a dhéanamh i dtaca le páistí a thógáil aníos le Gaeilge.

An féidir linn an t-agallamh a dhéanamh an tseachtain seo - Déardaoin nó Dé hAoine 27/28.10.11?

Seol r-phost chugam leis an am is fearr chun caint leat. Is féidir liom, dár ndóigh, na ceisteanna a sheoladh chugat chomh maith.

Seosamh
Gaelscéal
Baile Ard, An Spideal, Co. na Gaillimhe, Éire

R-phost: seosamh.oriain@gaelsceal.ie

Fón: 00-353-91-897766

Jennifer said...

Tá mé ag lorg teagmháil a fháil le beirt agaibh- cé túsa, a Ollamhollscoil? Cuir ríomhphoist chugam mas é do thoil é -
jbowmusic at g mail

agus a Sheosaimh... ar tharla aon rud leis an alt? An ndéanfiadh tú é nó b'fhéidir gur tharla rud níos suimiúil ar domhain ná muidne... cé go mbeadh sé deacair a chreidint.. : )
Tá súil agam go bhfuil sibh go léir ag éirí go maith!
-J