Friday, November 9, 2012

A Ghaeilge, cá bhfuil tú?

a Chairde,
Faoistíní duit anocht.
Tá ár nGaeilge sa leithreas. Tá mé chomh náirithe.
Ní raibh comhrá mhaith amháin againn i míosa anois. Aithrím go mbeidh mé ag tosú ag an tús arís má tosnaím  i gceart.
Tá mé ag smaoineamh faoi scriosaracht an tuairisc "raise my children to be bilingual with Irish Gaelic" de mo bhlag, an jab chomh uafasach atá déanta agam. Níl mé ag iarraidh maíomh mícheart nó meabhlú a dhéanamh.

B'fhéidir go ndéanfaidh mé iarracht níos mó scríobhneóireacht ag déanamh anseo mar cleachtu dom. Gan duine ag comhrá liom, nó 'ag rith liom' mar a déarfá, tá teip orm.
Feicfidh muid, a chairde. Níl fhios agam cén chaoi á dhéanamh.
Focal ar fhocal, is dócha. Cuir isteach frása anseo 's ansin agus mé in ann, agus céim ar chéim, tiocfaidh muid ar ais dó. Níl fhios agam céard a tharla, ach níl sé ar aghaidh m'intinn. Caithfidh mé iarracht d'aon ghnó a dhéanamh á úsáid na laethanta seo- is fíor obair intinne é.  Ní raibh sé mar sin bliana eile - bhí an fonn chomh laidir orm, bhí an Ghaeilge sa chéad deich rudaí in m'intinn.

Ar aon chaoi, seo mé, ag céim amach, ag déanamh rud eicínt sa teanga álainn seo.
Seo mo dhícheall anocht - an uair is faide a chaith mé as Gaeilge le tamaill náireach fada anois.

Ach maidir leis an scolaíocht bhaile- tá muid ag dul chun cinn go hálainn. Maidir le gach rud eile tá rudaí ag teacht go hálainn. Tá sláinte mhaith ag achuile dhuine, (buíochas le Dia!), tá muid cairdiúil le chéile. :) Is breá liom an scolaíocht bhaile, agus is dóigh liom gur bhreá le na gcailíní freisin é. Thosaigh Niamh an bhlian seo, agus tá sí ag tosnú ag léimh go maith, agus ag cur uimhreacha le chéile. Tá sé corraitheach í a fheiceáil ag léamh a chéad focail.


Lá amháin an samhradh seo, rinne muid níos fearr agus muid ag an Highland Village, in Iona, Cape Breton. (Tá turas google ann ar an suíomh - féach ar!) Áit do-chreidte álainn mar atá so-fheicthe sa bpictiúir seo. Tá Gaidhlig ag an cuid is mó de na dhaoine ansin, agus na hamhránaí Gaidhlig is fearr ar an oileán, nó sa tradisiúin, atá ann. Bhí an eagla orm amhráin a chanadh dóibhsan, nuair a chuir siad orm amhráin Gaeilge a chasadh dóibh. Chán mé Cúnla

Muise- sin é anocht. Am codlata.

Beannachtaí libh.
Feicfidh muid a chéile arís anseo, le cúnamh Dé.

6 comments:

Réaltán Ní Leannáin said...

ná tagadh lagmhisneach ort - tá sé deacair go leor páistí a thógáil le Gailge i lár pobail (nuair atá Béarla thart orthu) ach níos deacra arís nuair nach bhfuil daoine eile ar na gaobhair. Déan do dhícheall agus ná bac le do dhroim féin a bhuaileadh le bata mór. Tá teacht ar roinnt áiseanna ar bhlag agam , fichecluiche.blogspot.com, agus naisc istigh ann chuig suímh eile. Agus tá neart ar YouTube ar na laethe seo. Stróc leat!

Fearn said...

Diaidh ar ndiaidh a thógtar na caisleáin!

Mise Áine said...

Aontaím le Réaltán agus le Fearn, a Jennifer!

Freisin, tá gach áis a bheadh uait le fáil ar www.nascanna.com agus ar www.scríobh.ie, más mian leat súil a chaitheamh ar na suímh sin, a chara.

Ó tharla gan deis agam féin an Ghaeilge a labhairt go laethúil, go háitiúil mar a déarfá, bainim úsáid aisti chuile lá, mar sin féin: léim nó scríobhaim giota as Gaeilge gach lá, agus cuirim scairt, trí Skype nó ar an bhfón, ar Ghaeilgeoir nó dhó, go rialta, le go mbeidh deis agam an teanga a choinneáil beo beathach i mo chloigeann féin.

Beidh tú ceart go leor, a Jennifer. Seol ríomhphost chugam am ar bith, miseaine ag gmail ponc com, agus más rud go bhfuilim in ann cuidiú leat, déanfaidh mé amhlaidh, a chara..:-)

Coinnigh ag dul!

aonghus said...

Ná caill do mhisneach.

Tá sé ag éirí níos fusa ná riamh; tá teacht anois ar RnaG agus TG4 timpeall na cruinne, gan trácht ar an stuif atá ar Youtube agus a leithéidí.

Ach ná dearmad faobhar a chuir ar do chuid Gaeilge féin chun bheith roinnt mhaith céimeanna chun cinn ar na gasúir!

Séamas Poncán said...

http://www.scriobh.ie/ an nasc ceart sin.
Seans gur mhaith leat An Gael a léamh (is a scríobh rud dúinn)? www.angaelmagazine.com
Maidir le comhrá, seans go mbeadh deis ar fáil duit i measc Cumann Carad na Gaeilge - www.philo-celtic.com. Bíonn comhrá ar liosta r-phost, agus ranganna saor in aisce, agus uaireanta comhráite ar an bhfón.

Mairead - Irish American Mom said...

Tá áthas an domhain orm gur tháinig tú ar mo bhlog. Míle bhuíchos le scéal an tae. Tá mo Ghaeilge sa leithreas chomh maith. Tá sé beagnach caillte agam, ach beidh mé ar ais arís chun bhur scéalta a léamh nó a léigh. Níl fhios agam cén focal a bhfuil ceart nó mícheart. Slán and beannacht leat.
Mairéad