Friday, June 13, 2008

Cén mí atá i gceist?

Tá duilleoga againn, i ndeireadh na dála. Buíochas le Dia!!

Agus anocht, thóg mé tine sa thinteán. Ní chreidim é. I lár mí Meitheamh, tá sé chomh fluich 's fuar go raibh orm tine a thógáil.

Níl tú i gKansas anois, a Thótó.

Tá an teach i bhfad níos teólaí anois, mar sin féin! Bainim sult as tine sa thintean, aon mí.


Gach bliain, deirim an rud céanna, tá an scéal céanna agam: is aoibhinn liom an samhradh anseo. Caitheann an Geimhreadh an foighne atá agam, agus nuair a tagann an t-Earrach, fásaim níos cantalach gach lá. Mar níl fíor Earrach againn anseo, i mo thuairim féin. Ní bhíodh blathanna againn, nó crainn faoi bhlath.
Ach ansin, tagann an Samhradh. Ligim osna agus tosnaíonn cuma sona a bheith le feiceáil orm arís.

No comments: