Thursday, June 5, 2008

Suigh síos liom

Agus beidh cupán tae againn, nó caife: deoch éigin. Céard ab fhearr leat?
Bhuel, cá raibh mé? Cén fath nach raibh mé ag scríobh le tamaill fada anois?
Cúpla fath atá ann.
Bhí an teaglach go léir tinn le dhá seachtain.

Ach in fhírinne, bhí cotadh orm faoi mo chuid Gaeilge arís. Tá fhios agam, tá tú ag rá, get over it.
Tagaim leat. Ba bhreá liom á dhéanamh, ach uaireanta níl sé chomh éasca le sin. Bhí mé ag léamh blaganna eile, agus ag éisteacht le comhrá acadaimh Gaeilge faoin gramadach ardchéime agus polataíocht, agus bhí siad chomh ard ós mo chionn mhothaigh mé íochtarach. Cheap mé, cén chaoi go cheap mé gurb fhéidir liom múineadh Gaeilge do mo chlainn? An labhróidh siad ar nós hicks le Gaeilge uafasach? Bhuel, in fhírinne, b'fhéidir. Ach tá mé ag tabhairt dóibh gach rud gur féidir liom, agus cé nach mbeidh siad líofa, beidh siad exposed chun teanga agus cultúr eile, agus tá sé thar barr don a n-intinn, agus iad ag fás 's ag foghlaim.

Ag déireadh an lae, rachaidh an teanga chun sochair dóibh, murab fhéidir leo léamh, scríobh, nó cúpla focal a labhairt. Anois, déanfaidh mé mo dhícheall an imní a stopadh ag teacht orm.

Gan imní, gan náire, gan faitíos, labhair an teanga, agus bí sona gur féidir liom á dhéanamh.
Sin é inniu.

1 comment:

aonghus said...

Misneach, a chailín, misneach.

Ná lig do lucht an piuratánachas cur as duit ró mhór. Dean do dhícheall, agus bíodh an diabhail acu!