Saturday, October 4, 2008

cúpla scéal éaganta

Cúpla lá ó shin anois, bhí Anna ag spraoi léi féin, agus chuala mé ag caint í, 's bhí sí ag caint i rann, ag déanamh filíocht spontáineach, as Gaeilge! Wow! Ní bhfuair mé gach focal, ach thuig mé an cuid seo:

"bhí cearca ann tráth, agus thug muid dóibh min,
ach tháinig ainmhí eile agus d'ith sé go léir é, an madra sin!!"

Agus rinne sí cúpla scéal grinn. Dúirt mise rud éigin agus d'fhreagar sí, "Céard??" ós ard, agus rinne muid an comhrá sin arís 's arís eile, agus faoi dhéireadh dúirt mé, "An bhfuil tú bodhar?" agus d'fhreagar sí, "Céard a dúirt tú?? Níl mé ramhar!!" agus thosaigh sí ag gáire, mar a bhí sí an cailín is greannmhar ar domhain. Bhuel, tá, ar ndóigh.

Lá eile bhí muid ag caint ach níor thuig sí rudeicínt a bhí mé ag rá agus dúirt mé, "An bhfuil tú trí chéile?" agus d'fhreagar sí, "Níl. Tá mé ceathair chéile!

Tar éis scéal faoi Anna, seo duit pictiúir de Niamh. Níl sí ag rá tada fós, ach bíonn an-spraoi ann inti.


No comments: