Monday, October 13, 2008

Déireadh Fómhair in Alba Nua

Tá sé go hálainn. Chuaigh mé ag tiomáint an trathnóna seo, agus nach raibh na dathanna iontach. Bíonn Déireadh Fómhair anseo iontach álainn, agus tagann daoine ó chuile áit é a fheiceáil gach bliain.

Bhí sé ag cur baistí ar feadh na maidine, agus anocht, tháinig an grian amach, 's bhí sé meascaithe grianmhar 's scamallach, le na scamall ag clúdach an cuid mór den spéir ach bhí uigeachtaí iontach le feiceáil. B'aoibhinn liom é ar fad. Thug mé Anna agus Niaimhín liom ar ndóigh, agus bhí siad ag baint sult as freisin, ag gairm moladh os ard ón suíochán chul.

Stad muid ag feirm beag úll. Tá scioból beag dearg acu in aice leis an sráid, agus cheannaigh muid mála éadach úll úr. Tá siad fós ag úsáid an córas ónóir, más féidir leat a chreideamh. Tá canna stáin ag suí ar an seilf in aice le na bosca 's ciseán úll, agus fagann tú d'airgead ann, gan aon duine d'fheiceáil (seachas Dia, ar ndóigh). D'ith muid iad ar a mbealach abhaile.

Stad muid cois trá cúpla nóiméad freisin, ach bhí sé ro-fhuar cheana mórán am a chaitheamh ann. Ach gach uair a téim cois trá, cuimhnim cé chomh spioradálta atá sé dom. Níl a fhios agam cén fath, ach nuair a fheicim an fharraige mór sin, 's na tonnta ag roilliú 's ag roilliú suas suas suas, aríst 's arís eile, thart ar a chéile, sa sean slí sin, mar a bhí siad céad míle bliana ó shin, fasann rudeicínt i mo chroí socair, agus mothaim urraim. Is maith liom a bheith socair roimh cruthú. Tá sé an diffriúil ná luas sochaí inniu de gnáth.

Tá sé tábhachtach é sin a dhéanamh, i mo thuirim féin, ó am go h-am. Tá an déarcadh diffriúil sin uainn. Tá muid an bheag ar an domhain mór seo.

No comments: