Thursday, December 18, 2008

Rud Maith le Rá

Is leor na rudaí a bhí agam le rá ag gearán faoin easpa cartún maith le feiceáil ar an idirlíon ó TG4 (Tá fhios agam nach bhfuil orthu rud ar bith a dhéanamh domsa. Níl siad ag fáil aon sochair uaim; níl mé ag íoc do aon seirbhís. Fiú nach bhfuil mé i mo chonaí in Eirinn.)

Mar sin, anois, nuair atá moladh agam, is cóir dom é a thairiscint chomh maith.

Is breá linn cúpla taispeán nua atá acu:
Sean Tom go mór mór,
Loopdidioo
Bó Bogadaí

Déan rogha ar Loopdidoo sa chartlann Cúla 4, agus go minic tá cúpla nóiméad Tar ag Spraoi Sesame le fáil roimh Loopdidoo, agus tá Sean Tom ann ina dhiadh. Bua bua. :)
Is maith liom Sean Tom.

Tá mé cinnte go raibh sibh go léir ag lorg ar tuairisc agus athbhreithniú maidir le na cartún nua atá ann an séasúr seo. An-suimiúil do mo lucht-léitheóir ar fad.

Sin é mar atá sé i dTír na Mamaíblag.

Más fearr leat is féidir liom inis duit faoin mún a ghlán mé ar maidin. Ach is dóigh liom nach bhfuil an ábhar sin níos fearr.

No comments: