Sunday, May 3, 2009

a bheith go díreach soiléir...

Thóg m'fhear chéile an scioból sin an samhradh seo chaite, agus an bhlian seo, rinne agus chuir sé comhartha air. Níor inis mé dó á dhéanamh- rinne sé é ina aonar. Is fear greannmhar é; gráim é. Tá sé an an-deaslámhach. Anois, tá sé lasmuigh ag tógáil tí bhig shúgartha do na paistí. Ba bhreá leo é! Beidh sé go hálainn!

Tá sé i gcónaí gnóthach le rudeicínt.

An féidir leat an comhartha a léamh? seo é níos congaraí:

Ná bí ag déanamh daoine trí chéile. B'fhéidir go mbeidh duine ag siul síos an bothar, ag smaoineamh dó féin, "Cén saghas foirghneamh é sin?"
Beag an baol ... ach is dóigh go gcuirfeadh sé daoine amú, amhrasach faoi, "Cén teanga é sin?"
Is dócha go gceapfar go bhfuil Gàidhlig ann, mar tá roinn Gàidhlig againn sa tír seo.
(Muise, is dócha go mbeidh ranganna Gàidhlig ag Anna ar scoil. Feicfidh muid.
Breathann sé ar an bus so-fháite. )
Bhí ionadh orm, go dearfa, mar bhí an tomhais ceart ag an cuid is mó daoine nuair a chonaic siad ár comhartha nua. Níor cheap mé go raibh sé chomh follasach. Bhuel, TA, tá fhios agam, ach cé a cheapfadh go gcuirfeadh duineicínt comhartha scioból ar scioból?? Níor cheap aon duine go raibh ainm ann, nó aon rud mar sin. Mura fios agamsa, ceapfainn go raibh saghas ainm atá i gceist, ainm an únéir, nó ainm teaghlach.
Níl mé ach ag cabaireacht anois, is cóir dom codladh...

1 comment:

Séamas Poncán said...

An rud céanna arís, a chara:
"ag tógáil teach beag súgartha"

ag tógáil tí bhig shúgartha

Seo é an Gàidhlig, má tá suim agat.