Tuesday, May 12, 2009

tarraingt anáil

Tá saol beag agam anseo i mo bhólgáinín bídeach. Tá sé sábháilte. Ní fheicim go díreach an pholaitíocht the atá thart ar an nGaeilge, agus náisiúntacht (Is Méiriceánach mé. An rún beag salach é sin?). Níl ach saol mamaí/bean chéile/ceoltóir agam. Tá sé an-simplí. Díreach ceart dom.

Deanaim dearmad go bhfuil daoine ann go gceapann nach cóir dom Gaeilge a fhoghlaim, a labhairt, nó bac leis ar chor ar bith. Tá eagla orm cuairt a thabhairt ar Eireann aríst, beagnach.

Tá fhios agam go maith go bhfuil stór Gaeilge agam cosúil le duine cúig bhliana d'aois. Is fíor sin, dairíre. Is dalta mé fós, agus is dócha go deo. Ní thuigim an cuid is mó ar TG4, RnaG, nó blaganna Gaeilge go héasca. Tá náire agam faoi, agus uaireanta, tagann cotadh orm Gaeilge a úsáid ar bith - ach troidim leis, mar tá mé ag déanamh mo dhícheall, agus creidim i mo bhrionglóid aisteach, do fath ait éigin. Bheadh sé i bhfad níos éasca an Ghaeilge a chur síos, agus á fágáil mar atá sí.

Ach níl. In ionad, déanaim rogha a éisteacht le glór eile, ach fós Éireannach:
an file, Brendan Beehan.

Dúirt sé, "Don't mind the begrudgers."
(agus cúpla rudaí níos measa faoin criticeoir, ach ní cuirfidh mé anseo iad!)

Go raibh maith agat, a Bhreandáin. Cuimhnim é sin i gcónaí.
Fánfaidh mé i mo bhólgán sona, ag cómhrá mar páiste óg, má tá sé mar a chéile duit!

-Níl mé ag caint fútsa, a Sheamais, nó aon cúntóir eile - déan do dhóthain ceartúchán! -

5 comments:

Séamas Poncán said...

Tá tú ag déanamh go breá, a chara. Agus an ceart ar fad agat.

Ach amháin an tuiseal ginideach damanta sin...

"saol mamaí/bean chéile/ceolteóir"

saol mamaí/mná céile/ceoltóra

Rath said...

Bainim an-sult as do bhlag, a stór - lean ar aghaidh leis - is slí é do chuid Gaeilge a chleachtadh

Mise Áine said...

Is daltaí muid uile, a Jennifer, agus ná bíodh náire riamh ort do Ghaeilge, agus d'fhocail áille a roinnt linn. Is aoibhinn liom iad a léamh.

Mar eolas duit, bhí mé féin ar an dóigh chéanna uair amháin, faitíos orm mo bhéal a oscailt le faitíos roimh na ceartúcháin. Ach, is cuma liom anois. Is maith ann na botúin. Taispeánann mo bhotúin dom nach bhfuilim foirfe. Agus cé atá foirfe, a chara!?

Táim, cosúil leatsa, sásta i mo theachín agus le mo chlann. Agus le mo theanga bhriotach chiotach cham!

Labhair amach, a chailín! Agus bí ag scríobh leat. Beidh mise á léamh, agus ag baint suilt as.

sean kelley said...

Thainig me ar an bhlag seo agus is mor an meas agam ort.

Sean

Tadhg Mac Dhonnagáin said...

Coinnigh ort a Jennifer - Tá tú ag déanamh thar cionn!