Thursday, March 4, 2010

Gaeilgeóir le Díol nó ar Cíos

Dá mbuafainn an crannchur lá éigin, ba mhaith liom Gaeilgeóir a fháil ar cíos.
B'fhéidir ré mí amháin, bheadh cónaí orthu i ár dteach linn, agus bheadh Gaeilge an dlí.
Bheadh sé/sí so-fhaite ar feadh an lae le haghaidh comhrá. Agus ós rud é go mbeinn saibhir le déanaí, íocfadh an post an-mhaith. Thabharfainn aire ar gach caiteachais ar ndóigh. Ní gá orthu ach a bheith deas le na páistí, ag tabhairt moladh ar mo chuid chócaráil, lig orthu go raibh siad sasta a bheith ann liom, agus Gaeilge a labhairt. Ó agus a bheith foighneach le mo cuid Gaeilge.

Ní bheadh an post i gceist ro-dona, ceapaim. Post tarraingteach atá ann, meas tú?

4 comments:

Míshásta said...

Ó! ba bhreá liomsa cuir isteach ar an bpost láithreach bonn. Bheinn sásta é a dhéanamh gan tuarastal ar bith. Ach faraoir is fear cantalach mífhoighneach mise agus ní féidir liom bheith deas fiú amháin lem' chlann féin.

Is breá liom do bhlag, a Ghaelmháthair

Mise Áine said...

Murach go mbeadh m'fhear féin caillte i m'uireasa, dhéanfainn féin an jab, a Jennifer, agus ní bheadh pingin rua uaim, ach an oiread!

Post tarraingteach, gan dabht...:-)

Unknown said...

Seo mise isteach sa scuaine freisin! ;-) Nár dheas an obair samhraidh é...

Séamas Poncán said...

Conas tá cúrsaí? Ta tú i do thost le fada!