Sunday, October 19, 2008

Biseach le cluichí

Tá cluiche an-cabhrasacht ag Anna anois. Thosaigh sí ag lig uirthi go raibh sí ag argóint liom, ach ní raibh dairíre. Mar sin féin, déanann an cluiche seo mar cleachtu iontach briathartha neamhríalta!

Mar shampla, nuair a déirim, "Rinne!" agus freagraíonn sí "Ní dhearna!" agus déirimid an comhrá seo aríst 's aríst eile (le chonaic agus ní fhaca freisin) , tar éis nóiméad, tá na foirm ceart curtha go daingean maith ina hintinn! Níorbh féidir liomsa cleachtu níos fearr a dhéanamh di ná sin!

Cluiche eile: cur lenition ar gach focal a déireann tú. Tá glór ait ort nuair a déanann tú é seo, ach sin an rud is fearr faoi, dar léi. Tá an cluiche seo suimiúil go háirithe ón cailín seo, mar ní dhéanadh sí é sin ar chor ar bith cúpla mhí ó shin, mar a dúirt mé cheana. Arís, nuair a déanann sí é seo, titeann sí ar an urlár ag gáire fuithi féin, mar is í an cailín is greannmhara, tuigeann tú.

Aréir, bhí seans maith agam caint le mo chara Gaeilge (buíochas le Dia!) agus bhí sin an chéad uair gur bhuail fonn ar Anna caint léi as Gaeilge. Tar éis cúpla nóiméad agus mise ag caint ar an ngúthan as Gaeilge (ní tharlaíonn sé sin ro-mhinic an dtuigeann tú) d'fhéach sí suas chugam le cuma beagnach trí chéile uirthi, agus dúirt sí, "An bhfuil Gaeilge aici???" Nuair a freagar mé, "Tá," níor chreid mé an cuma ionadh agus sceitimíní a thainig uirthi! Léim sí suas ag rá, "Can I talk???" Agus lean sí uirthi ag caint as Gaeilge le mo chara, ag insint scéal seafóideach di, agus ag insint faoi chuile rud sa theach: na héadaí a bhí sí ag caitheamh, an bia is fearr léi agus ar aghaidh, agus ar aghaidh, agus níor thug sí cead domsa caint arís go dtí go raibh sí lan criochnaithe, sasta le comhrá sach fada! Bhí mé an-brodúil aisti.

Bhí sin iontach sproaiúil dúinn. Go raibh maith agat, mo Stór. Tá fhios agatsa cé túsa. ☺

2 comments:

Unknown said...

Nach maith an tseift an chluiche sin! Dhéanainn féin agus cara liom mar an gcéanna, ach in ionad argóintí bheadh béadchaint againn, muid ag cogarnach is ag sioscarnach le chéile taobh thiar de leathlámh. "An ndearna sí?" "Ní dhearna!" "Ó mhuise, rinne, a chailín!"

(Bhíomar an-ghafa ag an bhfocal sin "mhuise" freisin... cheap muid gur thug sé blas an-Ghaeltachtach ar fad dár gcuid cainte!)

Jennifer said...

Scéal maith! go raibh maith agat!
Tá cuma greannmhar agus spraoiúil ar bhur gcomhrá. :)