Mo bhlag as Gaeilge. Nach suimiúil é? Tá fhios agam. Béir ar do suíochán! Seo linn!
Monday, December 8, 2008
Codladh samh...
Chodail Niamh ar feadh na hoíche, ó 9 a chlog san oíche, go 6 a chlog ar maidin. Ní chreidim go tharla sé faoi dhéireadh. Tá sí ocht mí deag, agus níor chodail sí ar feadh na hoíche go dtí an seachtain seo. Buíochas le Dia!! Níl mise cleachtu leis fós, mar sin féin, tá mé fós ag éisteacht léi, ag fanacht, ag smaoineamh, beidh sí ina suí aon nóiméad anois, fan go bhfeicfidh muid. A saol faoin am seo, bhí sí ag duiseacht go minic, agus mise léi. Tá athas an domhain orm a bheith criochnaithe leis an céim sin.
Agus an aimsir, abair! Tá Mí na Nollag go déireanach ann. Tá stoirm laidir againn. Tá sé ag cur go huafasach lasmuigh agus mise ag scríobh cois tine laistigh, le cupán tae te in aice liom. Iontach deas! Beidh sin, an talamh ban, cludaithe le sneachta, cabhrasacht mise a cur in intinn ceart an teach a mhaisiú le haghaidh Nollag.
Tá muid ag iarraidh níos lú suim a a bheith againn i bhféiriní an bhliain seo, ag cur béim ar rudaí níos tabhachtaí - ag caitheamh am le chéile, an teaghlach féin, déirc...
níos mó faoi sin ar ball b'fhéidir.
Chuala mé an comhrá seo:
"Ní bheidh ach trí féiríní ag aon duine inár dteach."
"O? Cén fath?"
"Má ba leor d'Íosa sin, is leor sin duitse!"
Tuesday, December 2, 2008
le feiceáil 's le léimh
An ábhar is minic le feiceáil anseo: paistí: liomsa, agus le daoine eile. Tar éis ag féachaint ar bpaiste daoine eile, cuirfidh mé cúpla griangraf nua de mo chlainn féin. Ag fás i gcónaí, níos luachmhar, daor do mo chroí.
Seo Niamh, le dreach beagnach fiáin, ach gleoite fós go deimhin.

Beidh ceann agat de m'fhear chéile mar féirin Nollag. Fiú scrios mé an iontas. Ansin, beidh an bailiú go léir agat.
Muise agus muid ag caint faoi Nollaig, ní chreidim go bhfuil mí na Nollag ann cheana! An bhfuil aon duine liom? Céard a tharla leis an bhFómhair? Is dóigh le m'intinn go bhfuil Meán Fómhair fós ann. Tá sí trí chéile. Tá fhios agam an fadhb mar sin féin: an céim. Tá sé fós i bhfad ro-the. Is féidir linn imirt sa phairce anseo gan caitheamh ach geansaí (thart na héadaí eile, ar ndóigh, na bí amaideach). Níl orainn cotaí a chaitheamh fós - ach i mí na Nollag?? In Alba Nua??? Tá global warming le mhothú b'fhéidir?
Is aoibhinn liom a bheith i mo mháthair. Is é an post is fearr liom ar domhain don am seo, cé go bhfuil uaireanta ann go gheofá mé ag tarraingt an cuid gruaig atá fagtha ar mo chloigeann tar éis á iompar i rith naoi mí agus iad a thabhairt, amach. Fós, tá miongháire orm an cuid is mó den am. Múineann siad mé chomh minic mar a múinimse iadsan. Is gaol an-suimiúil é.
Monday, December 1, 2008
Amhránaí óg
Agus, chonaic mé an fisean iontach seo freisin. Sin an fath fíor go bhfuilim anseo anois. Rinne mé iarracht litir a scríobh chun a máthair arson cead a fháil an fisean a chur anseo, ach níor fhreagair sí mo "iarr cara" le cúpla mí anois - mar sin, tá mé á cur anseo. Chuir sise é ar an idirlíon don saol mór a fheiceáil.
Tuigim go bhfuil teaghlach Gaelach ann, sa Ghaeltacht is dócha. Is damhsóir sean nós iontach í freisin, más fíor dom.
Ar aon nós, seo í, an amhránaí breá óg:
Nach deas í! Bheadh mé iontach bródúil aisti. Tá mé cinnte go bhfuil a máthairse. Tá sin an fath go bhfuil sí ar an idirlíon!
Sunday, October 19, 2008
Biseach le cluichí
Mar shampla, nuair a déirim, "Rinne!" agus freagraíonn sí "Ní dhearna!" agus déirimid an comhrá seo aríst 's aríst eile (le chonaic agus ní fhaca freisin) , tar éis nóiméad, tá na foirm ceart curtha go daingean maith ina hintinn! Níorbh féidir liomsa cleachtu níos fearr a dhéanamh di ná sin!
Cluiche eile: cur lenition ar gach focal a déireann tú. Tá glór ait ort nuair a déanann tú é seo, ach sin an rud is fearr faoi, dar léi. Tá an cluiche seo suimiúil go háirithe ón cailín seo, mar ní dhéanadh sí é sin ar chor ar bith cúpla mhí ó shin, mar a dúirt mé cheana. Arís, nuair a déanann sí é seo, titeann sí ar an urlár ag gáire fuithi féin, mar is í an cailín is greannmhara, tuigeann tú.
Aréir, bhí seans maith agam caint le mo chara Gaeilge (buíochas le Dia!) agus bhí sin an chéad uair gur bhuail fonn ar Anna caint léi as Gaeilge. Tar éis cúpla nóiméad agus mise ag caint ar an ngúthan as Gaeilge (ní tharlaíonn sé sin ro-mhinic an dtuigeann tú) d'fhéach sí suas chugam le cuma beagnach trí chéile uirthi, agus dúirt sí, "An bhfuil Gaeilge aici???" Nuair a freagar mé, "Tá," níor chreid mé an cuma ionadh agus sceitimíní a thainig uirthi! Léim sí suas ag rá, "Can I talk???" Agus lean sí uirthi ag caint as Gaeilge le mo chara, ag insint scéal seafóideach di, agus ag insint faoi chuile rud sa theach: na héadaí a bhí sí ag caitheamh, an bia is fearr léi agus ar aghaidh, agus ar aghaidh, agus níor thug sí cead domsa caint arís go dtí go raibh sí lan criochnaithe, sasta le comhrá sach fada! Bhí mé an-brodúil aisti.
Bhí sin iontach sproaiúil dúinn. Go raibh maith agat, mo Stór. Tá fhios agatsa cé túsa. ☺
Monday, October 13, 2008
Déireadh Fómhair in Alba Nua
Bhí sé ag cur baistí ar feadh na maidine, agus anocht, tháinig an grian amach, 's bhí sé meascaithe grianmhar 's scamallach, le na scamall ag clúdach an cuid mór den spéir ach bhí uigeachtaí iontach le feiceáil. B'aoibhinn liom é ar fad. Thug mé Anna agus Niaimhín liom ar ndóigh, agus bhí siad ag baint sult as freisin, ag gairm moladh os ard ón suíochán chul.
Stad muid ag feirm beag úll. Tá scioból beag dearg acu in aice leis an sráid, agus cheannaigh muid mála éadach úll úr. Tá siad fós ag úsáid an córas ónóir, más féidir leat a chreideamh. Tá canna stáin ag suí ar an seilf in aice le na bosca 's ciseán úll, agus fagann tú d'airgead ann, gan aon duine d'fheiceáil (seachas Dia, ar ndóigh). D'ith muid iad ar a mbealach abhaile.
Stad muid cois trá cúpla nóiméad freisin, ach bhí sé ro-fhuar cheana mórán am a chaitheamh ann. Ach gach uair a téim cois trá, cuimhnim cé chomh spioradálta atá sé dom. Níl a fhios agam cén fath, ach nuair a fheicim an fharraige mór sin, 's na tonnta ag roilliú 's ag roilliú suas suas suas, aríst 's arís eile, thart ar a chéile, sa sean slí sin, mar a bhí siad céad míle bliana ó shin, fasann rudeicínt i mo chroí socair, agus mothaim urraim. Is maith liom a bheith socair roimh cruthú. Tá sé an diffriúil ná luas sochaí inniu de gnáth.
Tá sé tábhachtach é sin a dhéanamh, i mo thuirim féin, ó am go h-am. Tá an déarcadh diffriúil sin uainn. Tá muid an bheag ar an domhain mór seo.
Saturday, October 4, 2008
cúpla scéal éaganta
"bhí cearca ann tráth, agus thug muid dóibh min,
ach tháinig ainmhí eile agus d'ith sé go léir é, an madra sin!!"
Agus rinne sí cúpla scéal grinn. Dúirt mise rud éigin agus d'fhreagar sí, "Céard??" ós ard, agus rinne muid an comhrá sin arís 's arís eile, agus faoi dhéireadh dúirt mé, "An bhfuil tú bodhar?" agus d'fhreagar sí, "Céard a dúirt tú?? Níl mé ramhar!!" agus thosaigh sí ag gáire, mar a bhí sí an cailín is greannmhar ar domhain. Bhuel, tá, ar ndóigh.
Lá eile bhí muid ag caint ach níor thuig sí rudeicínt a bhí mé ag rá agus dúirt mé, "An bhfuil tú trí chéile?" agus d'fhreagar sí, "Níl. Tá mé ceathair chéile!

Thursday, September 18, 2008
Gaeilge Anna
Ní dhearna sí aon lenition ar bith go dtí cúpla mí ó shin. Déireann sí anois 's arís iad anois, ach níl san áit ceart i gcónaí. Bhí sí ag rá arís abairt gur chuala sí ar taifeadadh againn, "An-deas a PJ!", ach dúirt sise, "An-deas a PhíJ!"
Ach, déireann sí "mo seomra" an t-am ar fad.
Tiocfaidh an bhealach ceart, tá fhios agam, sa slí céanna go fasann a cuid Béarla níos fearr. Tá sí ag foghlaim níos mó gach lá. Tá suil agam go raibh sin fíor fúmsa!
Ní dúirt Niaimhín focal amháin ar bith fós, agus rinne mé dearmad go tuigeann sí séard atá mise ag rá léi. Inniu, rinne sí praiseach uafasach lena lón, mar atá de nós aici a dhéanamh, agus nuair a chas mé timpeall í a fheiceáil agus dúirt mé, "Féach ort!!" Lig sí gáire mór uaithi. :) Thuig sí!
Muirneach! Níl aon rud chomh spesialta agus lách na leanaí.
Ní cuimhin liom ma dúirt mé cheana é seo, ach tá Anna i ngrá le cúpla amhrán, 's amhránaí. Donal agus Mórag, ó Altan, agus Bog Braon ó Iarla O Lionaird. Chonaic muid Iarla ar Youtube agus anois, tá orm é a thaispeán di gach eile lá. An scéal céanna le Altan, is breá léi an amhráin sin. Tagaim léi, in fhirinne. Tá tuirim maith aici!
Thursday, September 11, 2008
Céim nua
Bhí sceitiminí orm. Bhí orm an scéal a roinn le duineicínt. Ba bhreá liom níos mó a scríobh ach... am saor... tá sé daor!
Tuesday, August 19, 2008
Crosta.
Bhi me beagnach crosda nach raibh aon seans agam a scriobh le beagnach dha mhi.
Ach anois! Grian! Solas! Teas! Aoibh sasta, i ndéireadh na dála.
Níl sé suimiúil d'aon duine eile, ach cúpla lá ó shin, bhí Jenny agus Niamh ar Bog Stop! Ni mise ata i gceist, ach daoine eile le na ainmeacha céanna. Cheap m'intinn paistiuil go raibh sé greannmhar.
Ar aghaidh chun scéal nios suimiúil na an aimsir agus ainmeacha na daoine ar an teilifis: bhí seans agam labhair le fear ó Chonamara cúpla seachtain ó shin! Cén chaoi? Cén ait? Thainig sé go dti mo cheolchoirm.
(Gabh mo leithsceal. Stop mo riomhaire amadach ag déanamh na fadai go léir- anois, ta ♂♀ agus ♪ agam nuair a déanaim iarracht na fadai a chur. Cén fath? Nil cliú ar bith agam. )
Ar aon nos, bhi comhra Gaeilge agam le Gaeilgeoir fasta, agus beo! Ni raibh me ar an nguthán, no an idirlion! Do-chreidte. Nil moran seans cosúil le sin agam! Bhain mé an sult as. Agus an seachtain i ndiadh sin, thug mé pacaiste sa phost uaidh! Bhi taifeadadh ceol tradisiunta agus litir sa chludach. Nach deas! Bhi se an spreaguil comhra a ghlacadh, agus b'fhéidir liom esan a thuiscint, agus b'fhéidir leis mise a thuiscint. B'fhéidir nach bhfuil cuma tabhachtach no speisialta ar an sceal sin, ach da mbeadh tú féin i m'ait, tuigeadh tú.
Nil sé deacair mise a spreagadh. Is maith an rud sin.
Wednesday, July 2, 2008
Faoistiní
